Úr (ogham)
Úr | ||||
---|---|---|---|---|
Cineál | litir oghaim | |||
Ball de | ogham | |||
|
Is í an t-ochtú litir déag den aibítir oghaim an tÚr,[1] le ciall "úr,[2] fraoch". Is í an tríú litir den Aicme Ailme. Is é [u] nó [u:] a luach foghraíochta.
Briatharoghaim[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is iad a leanas na nathanna meafaracha (kennings) d'ainm na litreach le fáil sna Briatharoghaim:
- úaraib adbaib[3]
(fuaraibh adbhaibh / (i n-)áitribh fuara)
- sílad cland (síolú clann[4]/planda)
- forbbaid ambí (taiséadach neamhbheo)
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ 4 úr, 3 or, (ur), fraoch, ar eDIL
- ↑ úr1 ar teanglann.ie FGB, fraoch
- ↑ 1 adba, áitreabh, áras, baile, dulóg, uachais, ar eDIL
- ↑ clann4 Lit, planda, ar teanglann.ie FGB