Áireamhán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula equipament informàticÁireamhán

Cuir in eagar ar Wikidata
Codanna
brúchnaipe
ciorcad iomlánaithe
cadhnra alcaileach
aonad amharcthaispeána Cuir in eagar ar Wikidata

Is gléas meicniúil nó meaisín é áireamhán, cumhacht-thiomáinte ar shlí éigin, a úsáidtear chun freagra a fháil go tapa ar ríomhaireacht chasta mhatamaiticiúil, agus chun raon oibríochtaí uimhriúla a dhéanamh go huathoibríoch (figiúirí a shuimiú, a roinnt, a iolrú agus a dhealú, nó fiú le fréamh chearnach a bhaint as uimhir nó le luachanna a áireamh do na feidhmeanna triantánacha).[1]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí meaisíní luatha ag Pascal (1647) is Leibnitz, agus tháinig meaisíní meicniúla is leictreacha chun cinn go luath sa 20ú céad.[2] Ansin le forbairtí sa leictreonaic ó na 1960idí, táirgeadh áireamháin níos lú agus níos cumasaí ná riamh, i bhfoirmeacha deisce is láimhe.

Brunsviga-Maschinenwerke, idir 1934 agus 1947

Tréithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Déanann áireamháin na hoibríochtaí uimhriúla uile-suimiú, dealú, iolrú is roinnt-an-chuid oibríochtaí coitianta eile cosúil le ceamú, ciúbú, fréamhacha, céatadáin, logartaim, feidhmeanna staitistiúla is triantánacha, agus léiríonn torthaí ar léiriú leachtchriostail.

Heathkit IC-2008A Desktop circa 1972

Tá cuid mhaith ann freisin ar ríomhairí beaga iad le cuimhne is áis chun cláir áirithe a insealbhú iontu agus torthaí a sholáthar do phrintéirscáileán.

Sa lá atá inniu ann, is minic a bhíonn ríomhaire beag leabaithe san áireamhán, agus é ríomhchláraithe le tascanna speisialta a chur i gcrích go héifeachtúil.

Mar shampla, tá áireamháin ghrafaice ann agus iad dírithe ar ghrafanna a tharraingt d'fheidhmeanna matamaiticiúla - na feidhmeanna triantánacha (an síneas, an comhshíneas, an tangant) mar shampla, nó feidhmeanna staitistiúla.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. ""áireamhán"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-04-26.
  2. "Fréamh an Eolais Ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta Matt Hussey". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2020-04-26.