WikiLeaks

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí Suíomh GréasáinWikiLeaks
URLhttps://wikileaks.org/ Cuir in eagar ar Wikidata
Eapainmvicí Cuir in eagar ar Wikidata
Cineáleagraíocht idirnáisiúnta agus whistleblower platform (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
Inneall bogearraMediaWiki Cuir in eagar ar Wikidata
CruthaitheoirJulian Assange Cuir in eagar ar Wikidata
Forbróir gréasáinJulian Assange Cuir in eagar ar Wikidata
Iontráil i seirbhís4 Deireadh Fómhair 2006 Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Astráil Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Rangú Alexa16,899 (20 Samhain 2017) Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: co0452589 Facebook: wikileaks Twitter: wikileaks Cuir in eagar ar Wikidata

Is éard is atá i gceist le WikiLeaks ná eagraíocht idirnáisiúnta,a bunaíodh sa Íoslainn, a fhoilsíonn aighneachtaí gan ainm agus doiciméid sceite de cháipéisí íogaire ó rialtais agus eagraíochtaí eile, agus ag an am céanna a chaomhnaíonn anaithnideacht a bhfoinsí.[1]

Stiúrann The Sunshine Press láithreán gréasáin na heagraíochta, a seoladh sa bhliain 2006. Deir an eagraíocht gur easaontaigh Shíneacha a bhunaigh í, chomh maith le hiriseoirí, matamaiticeoirí, agus gnólachtaí nua-thionscanta ó na Stáit Aontaithe, ón Téaváin, ón Eoraip, ón Astráil, agus ón Afraic Theas.

Julian Assange i 2006
Collateral Murder, 2007

Sceitheadh eolais[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • I mí Aibreáin 2010, chuir WikiLeaks físeán d'eachtra a tharla ar 12 Iúil 2007 amach, inar mharaigh fórsaí SAM sibhialtaigh hIaráice agus iriseoirí, ar a dtugtar Collateral Murder. Tharraing WikiLeaks aird na cruinne nuair a foilsíodh físeán sceite a léirigh ionsaí ingearáin cogaidh de chuid na Stát Aontaithe inar maraíodh déaréag sibhialtach i mBaghdad.[2]
  • I mí Iúil 2010, d'eisigh WikiLeaks Dialann Chogadh na hAfganastáine, díolaim de níos mó ná 76,900 doiciméad mar gheall ar an gCogadh san Afganastáin nach bhfuil ar fáil don phobal roimhe sin.
  • I mí Dheireadh Fómhair 2010, d'eisigh an grúpa pacáiste de bheagnach 400,000 doiciméad ar a dtugtar Logchomhaid Chogadh na hIaráice i gcomhar le heagraíochtaí móra tráchtála na meán, an New York Times agus an Guardian ina measc.
  • Sceitheadh freisin 90,000 cáipéis rúnda Airm faoi chogadh Mheiriceá san Afganastáin.[2]
    • I mí na Samhna 2010, thosaigh WikiLeaks ag scaoileadh cáblaí taidhleoireachta ón Roinn Stáit na Stáit Aontaithe. Foilsíodh i nuachtáin an New York Times agus an Guardian 250,000 teachtaireacht rúnda taidhleoireachta ó ambasáidí de chuid Mheiriceá ar fud an domhain a bhí aimsithe ag WikiLeaks.[2]

Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Náiríodh na Stát Aontaithe, cuireadh fearg ar chinnirí airm agus polaitíochta agus gnó, agus dúradh gur cuireadh beatha daoine i gcontúirt de bharr an sceitheadh.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Tomás Ó hAodha. "Julian Assange, Laoch nó Bithiúnach?" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-07-13.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 Nuacht RTÉ (2024-05-20). "Cúirt chinniúnach faoi Assange a eiseachadadh as Sasana" (as ga-IE).