Jump to content

Stáit Mheiriceá

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ballstáit

Aontas feidearálach is ea na Stáit Aontaithe agus tá caoga ballstat ann. Is iad na 13 stát bunaidh na 13 coilíneacht a chuaigh chun ceannairce ar riail Shasana. Maidir le na stáit eile, fuair rialtas Mheiriceá iad trí chogadh nó cheannach, ach amháin Vermont, Texas, agus Haváí mar poblachtaí neamhspleácha a bhí iontu. I dtús stair na tíre, cruthaíodh 3 stát as críoch stát eile: Kentucky as Virginia; Tennessee as Carolina Thuaidh; agus Maine as Massachusetts. I rith an chogaidh carthartha, roinneadh Virginia Thiar ó Virginia. Rialaigh Cúirt Uachtarach Mheiriceá nach bhfuil ceart ag na stáit an t-aontas a fhágáil. Tá limistéir eile ina mbaill den tír, sin iad Ceantar Columbia (an ceantar feidearálach ina bhfuil an phríomhchathair, Washington, suite); agus Sceir Palmyra, críoch san Aigéan Ciúin atá neamháitrithe ach corpraithe. Tá cúig mórchríoch ag na Stáit Aontaithe le pobail dúchasacha: Puerto Rico agus Ógh-Oileáin na Stát Aontaithe i Muir Chairib; agus Samó Mheiriceánach, Guam agus Oileáin Mariana Thuaidh san Aigéan Ciúin. Tá saoránacht sna Stáit Aontaithe ag na daoine a bheirtear sna críocha sin ach amháin Samó Mheiriceánach.

Is iad na Stáit seo a leanas ballstáit Stát Aontaithe Mheiriceá: