Robert Fico

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRobert Fico

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith15 Meán Fómhair 1964
59 bliana d'aois
Topoľčany (An tSeicslóvaic)
Príomh-Aire na Slóvaice
25 Deireadh Fómhair 2023 –
← Ľudovít Ódor (en) Aistrigh
Príomh-Aire na Slóvaice
4 Aibreán 2012 – 15 Márta 2018 (éirí as)
← Iveta RadičováPeter Pellegrini →
Príomh-Aire na Slóvaice
4 Iúil 2006 – 8 Iúil 2010
← Mikuláš DzurindaIveta Radičová →
Feisire de Pharlaimint na hEorpa
Ina hionadaí do: Direction – Social Democracy (en) Aistrigh

1 Bealtaine 2004 – 19 Iúil 2004
Téarma parlaiminte: Cúigiú Parlaimint na hEorpa

Toghcheantar: Slovakia (en) Aistrigh
Ionadaí do Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa
Ina hionadaí do: an tSlóvaic

27 Eanáir 2003 – 20 Meitheamh 2005
Ionadaí do Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa
Ina hionadaí do: an tSlóvaic

25 Eanáir 1999 – 24 Eanáir 2000
Ionadaí an Tionóil Pharlaiminte de Chomhairle na hEorpa
Ina hionadaí do: an tSlóvaic

27 Meán Fómhair 1993 – 25 Eanáir 1999
Member of the National Council of the Slovak Republic (en) Aistrigh
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Idé-eolaíocht pholaitíochtaPobalachas
ReiligiúnCaitliceach neamhchleachtach
Scoil a d'fhreastail sé/síFaculty of Law at Comenius University in Bratislava (en) Aistrigh
UCL School of Slavonic and East European Studies (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan tSlóvaicis
Airde183 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Strasbourg
An Bhruiséil
An Bhratasláiv Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Comenius Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaDirection – Social Democracy (en) Aistrigh (1999–)
Party of the Democratic Left (en) Aistrigh (1990–1999)
Páirtí Cumannach na Seicslóvaice (1986–1990) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn tSlóvaicis
Teaghlach
CéileSvetlana Ficová (1988–) Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
15 Bealtaine 2024attempted assassination of Robert Fico (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm7521470 Facebook: robertficosk Cuir in eagar ar Wikidata

Dlíodóir agus príomh-aire na Slóvaice (2006-2010, 2012-2018, agus 2023-) is ea Robert Fico (a rugadh ar an 15 Meitheamh 1964).[1] Tá sé go mór i bhfách leis an eite dheis, duine coimeádach a bhfuil an-luí aige leis an Rúis (agus an Maifia b'fhéidir).[2] Chaith Fico deich mbliana mar phríomh-aire (2006 - - 2018) sular athraigh dúnmharú an iriseora Ján Kuciak cúrsaí sa tír ó bhonn sa bhliain 2018.[1]

Rinne Fico an-teacht aniar in 2023, rud a chur iontas ar go leor daoine. is pearsa conspóideach i gcónaí é Fico, mar gheall ar a éilimh chun deireadh a chur le cúnamh míleata don Úcráin agus stop a chur leis na smachtbhannaí eacnamaíochta ar an Rúis.[3] Bíonn Fico ag gríosú an fhuatha, ag geáitseáil don slua agus a athraíonn a phort go minic.[4]

Mar gheall ar a phobalachas agus a pholasaí ar son na Rúise, déantar comparáid idir Fico agus Viktor Orbán na hUngáire. Tá ardmholadh tugtha ag Fico d'Orbán as tosaíocht a dhéanamh den Ungáir.[5]

2010
Márta 2024

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chaith Fico dhá théarma go leith mar phríomh-aire na tíre. Ach b'éigean dó éirí as ar an 18 Márta 2018 nuair a tharraing dúnmharú iriseora, Ján Kuciak agus Martina Kusnirova ar an 21 Eanáir 2018,[6] aird ar an gcaimiléireacht a bhí forleathan sa tír agus é san oifig. Ag an am sin, shíl gach duine go raibh a phort seinnte mar pholaiteoir.[7]

Fuair Smer-SSD os cionn 23% den vóta sa toghchán parlaiminte ar 30 Meán Fómhair 2023. Bhí Fico in ann comhrialtas a chruthú leis na páirtithe faisisteacha a bhí san iomaíocht freisin, agus chuaigh an tSlóvaic i dtreo na hUngáire tar éis an toghcháin – ag cur srianta ar an daonlathas agus ag tacú leis an Rúis.

Bhí cáineadh déanta láithreach ag Fico ar na smachtbhannaí a bhí curtha ar an Rúis. Bhí sé tugtha le fios in 2023 ag Fico go n-éireodh sé as airm a dhíol leis an Úcráin dá cheapadh é mar phríomh-aire.[8][9] .

Thar lear bhí cáineadh déanta ar Fico as cur in aghaidh cearta LGBTQ+.[5]

Cuireadh tús i mBealtaine 2024 i bparlaimint na Slóvaice le plé ar dheireadh a chur le RTVS, craoltóir poiblí na tíre, agus dearcadh an-liobrálach aige de réir Fico agus a lucht leanúna.

Iarracht ar fheallmharú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 15 Bealtaine 2024, timpeall 14:30, gortaíodh Fico i lámhach i mbaile Handlová na Slóvaice, os comhair Theach Cultúir na cathrach tar éis cruinniú rialtais.[10] Bhí sé ag teacht amach as cruinniú rialtais i Handlová, 190 ciliméadar soir ó thuaidh on bpríomhchathair Bratislava.[4] Bhí an cruinniú rialtais ar siúl sa bhaile mar chuid de chamchuairt na tíre ó tháinig siad i gcumhacht ag deireadh na bliana seo caite.[11]

Scaoileadh cúig philéar le Fico (59 bliain d'aois ag an am) agus gur bhuail ceann acu é sa bholg.[4]

Dúirt an Taoiseach Simon Harris go raibh sé suaite go mór dá bharr. Ionsaí ar an daonlathas san Aontas Eorpach a bhí ann, arsa sé.

An t-ionsaitheoir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é Juraj Cintula as Levice, 71 bliain d’aois, an t-ionsaitheoir, i bhfad amach ar an eite dheis agus an-luí aige leis an Rúis. Deirtear gur iargharda slándála in ionad siopadóireachta é a bhfuil leabhair filíochta scríofa aige agus ní raibh aon cheilt ar an gciníochas ina chuid ráiteas.[12][13][14]

Conspóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tarraingíodh droch-cháil ar fud an domhain ar Fico agus ar an tír nuair a dúnmharaíodh an t-iriseoir, Ján Kuciak ar an 21 Eanáir 2018, a bhí ag fiosrú caimiléireacht agus ‘sciúradh airgid’, agus caitheadh amhras ar Fico.[15]

Baineann Fico leas as dioscúrsa na bréagnuachta go comhfhiosach, ag cur i leith Zuzana Čaputová, an tUachtarán, gur gníomhaire rúnda de chuid na Stát Aontaithe nó de chuid George Soros í. Ag léirsiú amháin anuraidh, bhí feisire de chuid Smer – páirtí Fico – ag gríosú an tslua chun “striapach Mheiriceánach” a scairt amach, agus ní raibh Fico ach ag miongháire.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Radvan Markus (5 Iúil 2023). "Bliain chinniúnach roimh an tSlóvaic agus an Eoraip dá réir" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-05-15.
  2. NUACHT A HAON / RnaG (4 DEIREADH FÓMHAIR 2023). "Radvan Markus, Léachtóir in Ollscoil Phrág." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2023-10-05.
  3. Conradh na Gaeilge, Londain (18 Bealtaine 2024). "‎Nuacht Mhall: (Dún na nGall)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-05-20.
  4. 4.0 4.1 4.2 Nuacht RTÉ (2024-05-15). "Príomh-Aire na Slóvaice gortaithe go dona in ionsaí lámhaigh" (as ga). 
  5. 5.0 5.1 "Toghchán na Slóvaice buaite ag pobalóir atá ar son na Rúise" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-10-02). Dáta rochtana: 2023-10-05.
  6. "Murder of Ján Kuciak" (as en) (2024-04-18). Wikipedia. 
  7. Radvan Markus (5 Deireadh Fómhair 2023). "An chúis go bhfuil aird na meán idirnáisiúnta ar thoghchán i dtír bheag ar imeall an AE…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-10-05.
  8. Nuacht RTÉ (2023-10-02). "Tánaiste rannpháirteach i gcruinniú urghnách i gCív" (as ga-IE). 
  9. NUACHT A HAON / RnaG (2 DEIREADH FÓMHAIR 2023). "Frank Reidy, Saineolaí ar chúrsaí taidhleoireachta agus míleata." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2023-10-05.
  10. BBC. "Slovak PM Robert Fico in hospital after shooting" (en-GB). www.bbc.com. Dáta rochtana: 2024-05-15.
  11. "Príomh-Aire na Slóvaice ‘i mbaol a bháis’ i ndiaidh eachtra lámhaigh" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-05-15). Dáta rochtana: 2024-05-15.
  12. Pjotr Sauer (2024-05-16). "‘He was not radical’: Slovakia tries to make sense of Fico shooting" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2024-05-16.
  13. "Bail sheasmhach ar Phríomh-Aire na Slóvaice, fear cúisithe in iarracht é a dhúnmharú" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-05-16). Dáta rochtana: 2024-05-16.
  14. "Attempted assassination of Robert Fico" (as en) (2024-05-16). Wikipedia. 
  15. Mairéad Ní Nuadháin (23 Márta 2018). "Is maith a thuigfeadh Erasmus an t-aiféala a bheidh orainn nuair a imeoidh an Bhreatain…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-05-15.