Rónán Mac Aodha Bhuí
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 6 Bealtaine 1970 Corcaigh, Éire |
Bás | 19 Meán Fómhair 2023 53 bliana d'aois Gaoth Dobhair, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Pobalscoil Ghaoth Dobhair |
Gníomhaíocht | |
Gairm | craoltóir |
Fostóir | RTÉ Raidió na Gaeltachta |
Teangacha | An Ghaeilge |
Teaghlach | |
Athair | Fionntán Mac Aodha Bhuí |
Fear mór ceoil agus teanga ba ea Rónán Mac Aodha Bhuí (a rugadh ar an 6 Bealtaine 1970 i gCorcaigh ach a tógadh i gCois Cláidí i nGaoth Dobhair agus a d'éag ar 19 Meán Fómhair 2023).[1] Craoltóir le Raidió na Gaeltachta ba ea é idir na 1990idí - 2019. Craoladh an clár deireanach de Rónán Beo ar 31 Bealtaine 2019.[2] Cuimhneofar air mar chraoltóir cumasach agus cróga agus, b'fhéidir thar aon rud eile, mar dhuine a raibh an-nádúr ann.[3] 'A shuim i ndaoine, sa saol agus sa cheart, is ar na máithreacha sin a tógadh a réabhlóid ar an raidió.'[4][5]
Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]
I 1987, nuair a bhí sé seacht mbliana déag, shocraigh Rónán ar aghaidh a thabhairt ar Bhaile Átha Cliath le tabhairt faoi chúrsa iriseoireachta i gColáiste Dhúlaigh sa Chúlóg. Ansin thosaigh sé ag obair don stáisiún raidió neamhdhleathach NSCR sa chathair agus don stáisiún DCR i Leitir Ceanainn ag an deireadh seachtaine.[3] Thosaigh sé ag scríobh chomh maith don cholún Beoscéalta san Irish Press.
Chaith sé an bhliain 1988/89 ag obair le Century Radio mar léitheoir nuachta Gaeilge. Rinne sé roinnt iriseoireachta leis an bpáipéar nuachta Anois agus le Lá.[3]
Agus é 20 bliain d'aois, chuir sé a chuid scileanna ag fónamh ar an chlár teilifíse Scaoil Amach an Bobailín de chuid RTÉ in 1990, in éindí le Bláthnaid Ní Chofaigh agus Seán Bán Breathnach.[6] D’oibrigh sé chomh maith ar an gclár Ecu Ecu, clár nuálach do dhaoine óga.
Raidió na Gaeltachta[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tugadh ardán laethúil dó i 1993 nuair a thosaigh sé ag láithriú an chláir Cois Life ar Raidió na Gaeltachta, clár irise don ardchathair, ag obair i dteannta Sheosaimhín Ní Bheaglaoich. Chualathas den chéad uair na buanna a bhí aige – an acmhainn ghrinn, an tsamhlaíocht dhiamhair, an ghéarchúis, an rógaireacht agus an dánaíocht.[6] Timpeall an ama seo, bhunaigh sé An Ciorcal Craiceáilte, club gealtachais, agus d'eagraíodh sé féilte i nGaeltacht Ráth Chairn le Gaeilgeoirí Bhaile Átha Cliath agus Chúige Laighean a thabhairt a chéile.
I 1997, d'fhill Rónán ar Ghaoth Dobhair agus thug sé faoin chlár Rónán Beo a chur i láthair ó stiúideo Raidió na Gaeltachta i nDoirí Beaga. Craoladh an clár deireanach de Rónán Beo ar 31 Bealtaine 2019.[2]
Thug Rónán ardán do cheoltóirí ar an raidió, a "thug guth dóibh agus a spreag gach sóirt ceoil.”[7] Bhí an-ghean ag lucht éisteachta Raidió na Gaeltachta go háirithe ar Rónán agus bhí an-tóir acu ar na cláir a chuireadh sé i láthair de chionn chomh spraíúil, suáilceach agus nuálach agus a bhí sé.[3]
Gníomhaí cearta teanga[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhunaigh sé na Féilte Craiceáilte, a chuir siamsaíocht ar fáil uair sa mhí i nGaoth Dobhair agus a théadh ar camchuairt go dtí ceantair Ghaeltachta agus áiteanna eile. Bhí an Cabaret Craiceáilte á reáchtáil aige i nGaoth Dobhair.
Sna 2010idí, bhí Rónán mar chrann taca leis an ngluaiseacht cearta teanga ó thuaidh, go háirithe ag na Laethanta Dearga agus Dearg le Fearg.[8][9]
Pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ba mhac é le Fionntán Mac Aodha Bhuí (1924–2012), ailtire, pleanálaí agus gníomhaire teanga. Ba Rónán an duine is óige d'ochtar clainne.
Fuair sé a chuid scolaíochta i mBunscoil an Bhun Bhig agus i bPobalscoil Ghaoth Dobhair.
Bhí páiste amháin aige.
Sa bhliain 2019, fuair Rónán amach go raibh ailse Staid a 3 sna putóga aige. In 2023, seoladh feachtas bailithe airgid le costas an leighis a ghlanadh.[10] I mí Feabhra 2023, bronnadh Gradam an Uachtaráin Chonradh na Gaeilge ar Rónán in absentia [8]
Fuair Rónán bás in aois a thrí bliana déag agus dhá scór, ar 19 Meán Fómhair 2023. Cuireadh é i Reilig Mhachaire Gathláin. Dúirt Tomaí Ó Conghaile gurbh é Rónán Mac Aodha Bhuí ceannaire neamhoifigiúil phobal na Gaeilge.
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
- GAILEARAÍ: Dorn san aer ag na Gaeil do Rónán Mac Aodha Bhuí i mBaile Átha Cliath
- RónánBeo ar Twitter. Stop Rónán ag tvuíteáil ar 31 Bealtaine 2019. Thosaigh an Ciste Tacaíochta ag tvuíteáil i rith 2023.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Méabh Ní Thuathaláin (21 Feabhra 2023). "A sprioc €120,000 sáraithe ag feachtas bailithe airgid don chraoltóir Rónán Mac Aodha Bhuí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-23.
- ↑ 2.0 2.1 "Rónán Beo" (en). RTE Radio. Dáta rochtana: 2023-04-25.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 3.3 Nuacht RTÉ (2023-09-18). "An craoltóir cáiliúil Rónán Mac Aodha Bhuí ar shlí na fírinne" (as ga).
- ↑ Seán Tadhg Ó Gairbhí (25 Aib 2023). "Sé ár Rónán Mac Aodha Bhuí é – gig speisialta i mBaile Átha Cliath don sárchraoltóir" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-25.
- ↑ Fachtna Ó Drisceoil (21 Meán Fómhair 2023). "Muidne go léir pobal Rónáin Mhic Aodha Bhuí – muidne a leac chuimhneacháin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-09-21.
- ↑ 6.0 6.1 "Rónán Mac Aodha Bhuí, craoltóir Gaeilge a linne a raibh gean na nGael air, ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-09-19). Dáta rochtana: 2023-09-19.
- ↑ Méabh Ní Thuathaláin (16 Feabhra 2023). "‘An méid grá atá ag teacht chuige, tá sé go hiontach’ – airgead á bhailiú do chúnamh leighis do Rónán Mac Aodh Bhuí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-23.
- ↑ 8.0 8.1 NÓS (2023-02-24). "Bronnfar Gradam Uachtarán CnaG ar Rónán Mac Aodha Bhuí" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-03-23.
- ↑ Rónán Mac Aodha Bhuí (2015-01-11). "Cumhacht na gCos" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-03-23.
- ↑ gofundme.com (2023). "Ciste Tacaíochta Rónáin, le Seamus Ó Briain" (ga-IE). gofundme.com. Dáta rochtana: 2023-03-23.