Jump to content

Gort (ogham)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí GraiféimGort

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineállitir oghaim Cuir in eagar ar Wikidata
Ball deogham Cuir in eagar ar Wikidata

Is í an seachtú litir den aibítir oghaim an Gort.[1][2] Is í an dara litir den Aicme Mhuine. Tugtar eidhneán nó eidheann ar an ngort sa nua-Ghaeilge. Is é [g] a luach foghraíochta.

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gaolta is ea ainm na litreach le garth 'garraí' na Breatnaise agus hortus na Laidine. Athchruaíodh an focal sa Ghaeilge Chianach mar *gorto-s. Fréamhaithe ón bPróit-Ind-Eorpais *gher-, *ghort- 'iniaigh; clós, iamh' is ea í.

Briatharoghaim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad a leanas na nathanna meafaracha (kennings) d' ainm na litreach le fáil sna Briatharoghaim:

  • milsiu féraib (is milse féar)
  • ined erc[3] (ionad bó)
  • sásad ile (sásamh uile)

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 2 gort ar eDIL, eidhneán, giúis(?)
  2. gort2 ar teanglann.ie FGB, eidhneán
  3. 4 erc, bó (ní earc, cf 5 erc) ar eDIL


Aicmí agus Litreacha Oghaim
Beith Uath Muin Ailm Forfeda
B L F S N H D T C Q M G NG S R A O U E I EA OI UI IA AE P