Is ceantar Gaeltachta é Músgraí Uí Fhloinn (nó Gaeltacht Mhúscraí,[1] mar a tugtar go minic air) atá suite i lár/iarthar Chontae Chorcaí, idir Maigh Chromtha is Cill Airne. Tá an ceantar roinnte ina dhá bharúntacht, Múscraí Thiar agus Múscraí Thoir. Sa dúiche seo atá Baile Mhúirne, Cill na Martra, Cúil Aodha agus Réidh na nDoirí. I gceantar Uíbh Laoghaire atá Béal Átha 'n Ghaorthaidh, i ndeisceart Mhúsgraí.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.