Fearann (bitheolaíocht)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa tacsanomaíocht bitheolaíochta, is éard is fearann ann ná aicme tacsanomaíoch níos airde ná ríocht. De réir “Córas na dTrí Ríocht”, ceaptha ag Carl Woese sa bhliain 1990, tá 'Crann na Beatha' comhdhéanta de na trí fhearann seo a leanas: Aircéigh, Eobaictéir agus Eocaróit.

Léiríonn leagan amach na dtacsón na bundifríochtaí éabhlóideacha sna géanóim. Tá roinnt aicmiúchán malartach beatha ann:

  • An Córas Dhá Ríocht, ina bhfuil impireacht na bPrócarót(nó Monera) agus na nEocarót ann ag an mbarrleibhéal.
  • An Córas Sé Ríocht ina bhfuil sé ghrúpa mar a leanas luaite: Protista, Archaebacteria, Eubacteria, Fungi, Plantae, and Animalia.