Domhnach Míde

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilDomhnach Míde

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°27′03″N 6°09′16″W / 53.4508°N 6.1544°W / 53.4508; -6.1544
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Iar-eintiteas críochach riaracháinContae Bhaile Átha Cliath
BaileBaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie1166029

Is bruachbhaile i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath é Domhnach Míde[1] (Béarla: Donaghmede). Cruthaíodh an ceantar cónaithe le linn na 1970idí, don chuid is mó as an bpíosa intíre de Bhaile Dúill agus le píosaí talún eile ón Chúlóg agus ó Rath Éanaigh. Tá lárionad siopadóireachta ann, chomh maith le fothrach séipéil stairiúíl Mainistir na Gráínsí. Tá an ceantar faoi dhlínse Chomhairle Cathrach Baile Átha Cliath.

Mainistir na Gráinsí, Domhnach Míde
Howth Junction, DART

Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Craoladh ar an 30 Bealtaine 1986 tuairisc ar RTÉ faoin mborradh a bhí faoin nGaeilge i nDomhnach Míde, tuairisc atá ar fáil anois ar Chartlann RTÉ.[2] Sna 1980idí, d’éirigh le ceannairí ghluaiseacht na Gaeilge sa cheantar feachtas, a raibh rath air, a chur ar bun le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn sa bhruachbhaile bríomhar. Ba é an múinteoir Liam Bairéad agus roinnt tuismitheoirí ón scoil lán-Ghaeilge nuabhunaithe, Scoil Bhríde, a thosaigh an feachtas. D'fhás gluaiseacht Gaeilge sa cheantar as an scoil sin.[3] D'imigh an fuinneamh sa ghluaiseacht i léig sna 1990idí.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Domhnach Míde/Donaghmede | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. "Shopping In Irish" (en). RTÉ Archives. Dáta rochtana: 2024-05-30.
  3. Maitiú Ó Coimín (30 Bealtaine 2016). "FÍSEÁN: Bláthú na Gaeilge i nDomhnach Míde tríocha bliain ó shin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-05-30.