Anthony Bourdain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAnthony Bourdain

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Anthony Michael Bourdain
Beathaisnéis
Breith25 Meitheamh 1956
Nua-Eabhrac, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Bás8 Meitheamh 2018
61 bliana d'aois
Kaysersberg-Vignoble, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisFéinmharú (Crochadh)
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachFrancaigh agus na Giúdaigh
ReiligiúnAn tAindiachas
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Vassar
The Culinary Institute of America at Hyde Park (en) Aistrigh
Dwight-Englewood School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheManhattan
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Réimse oibreAg goil
Suíomh oibre Nua-Eabhrac Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmcócaire, scríbhneoir aistí, taistealaí, iriseoir, láithreoir teilifíse, úrscéalaí, chef, scríbhneoir, léiritheoir teilifíse Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre2002 –  2018
FostóirBrasserie Les Halles (en) Aistrigh (1998–2002) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileNancy Putkoski
Ottavia Busia Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíAsia Argento (2017–2018) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinbritannica.com… Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm1113529 Allocine: 440533 Allmovie: p338668 TV.com: people/anthony-bourdain
Facebook: AnthonyBourdain Twitter: Bourdain Instagram: anthonybourdain Musicbrainz: 8101a9d9-5caa-42bf-9d9d-593e97e7f324 Songkick: 126539 Find a Grave: 190425137 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba chef mór le rá, údar agus pearsa theilifíse Meiriceánach é Anthony Michael Bourdain (a rugadh ar 25 Meitheamh 1956 agus a fuair bás ar 8 Meitheamh 2018). bhain cáil mhór amach mar thoradh ar an gcur chuige ar leith a bhí aige, cur chuige a mhúscail dáimh leis i measc lucht féachana na gcláracha teilifíse a bhí aige agus i measc lucht léite a chuid leabhar.[1]

2007
2014

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Bourdain i gCathair Nua-Eabhrac, agus d'fhás sé aníos in Leonia, New Jersey. Eagarthóir de chuid an New York Times ab ea a mháthair, agus d'oibrigh a athair d'fhoilsitheoir cheoil. Ba de chúlra Francach Caitliceach é a athair agus de chúlra Giúdach í a mháthair. Rinne Anthony staidéar tríú leibhéil i gColáiste Vassar agus in Culinary Institute of America, an dá áit seo suite i ngleann an Hudson i stát Nua-Eabhrac.

I measc na ngnéithe sin a bhain cáil amach dó i rith a shaoil, d'fhoilsigh sé an saothar Kitchen Confidential agus trí bliana agus dhá scór d’aois aige, an obair iomráiteach a rinne sé mar láithreoir le CNN, an andúil a bhí aige agus an caidreamh a bhí aige le hAsia Argento[2] ó 2016 ar aghaidh.

Bhí de bhua aige a bheith ábalta léargas a bhí éagsúil lena raibh ar fáil go dtí sin a thabhairt ar an mbia. Ceannródaí ab ea é ó thaobh an tionchair a d’imir sé ar an tuiscint agus an meas atá againn ar an mbia sa lá atá inniu ann.[1]

Ba andúileach é Bourdain agus chuir sé lámh ina bhás féin sa Fhrainc ar an 8 Meitheamh 2018.

In Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig Bourdain go hÉirinn faoi dhó. Bhí sé in Éirinn mar chuid den chlár No Reservations, agus arís ina dhiaidh sin mar chuid den chlár The Layover. Tharraing sé aird ar chadal Bhaile Átha Cliath agus cuairt aige ar The Gravediggers i mBaile Átha Cliath, áit ar ith sé babhla de. Shínigh sé leabhar na gcuairteoirí in The Gravediggers mar seo a leanas: “Your pig’s feet are sublime, your coddle is amazing! Heaven looks just like this!”.[1]

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • An tsraith teilifíse Parts Unknown
  • An leabhar Kitchen Confidential: Adventures in the Culinary Underbelly.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Oisín Uíbh Eachach (2022-05-24). "'Léargas maith ar dhuine a d'fhág a lorg ar an saol'" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2024-05-28.
  2. "Asia Argento" (as en) (2024-05-19). Wikipedia. 
  3. "Roadrunner: A Film About Anthony Bourdain" (as en) (2024-04-23). Wikipedia.