Alan Dillon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAlan Dillon

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1984
39/40 bliana d'aois
Caisleán an Bharraigh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Teachta Dála
8 Feabhra 2020 –
Téarma parlaiminte: 33ú Dáil

Toghcheantar: Maigh Eo

Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Gaillimhe
Coláiste Dáibhéid Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmimreoir peile Gaelaí, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtpeil Ghaelach Cuir in eagar ar Wikidata
Conair
  Foireann Comórtas
- Foireann Sinsir Peile Mhaigh Eo Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinalandillon.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: Alan_Dillon Cuir in eagar ar Wikidata

Is polaiteoir Éireannach de chuid Fhine Gael é Alan Dillon (an 28 Meán Fómhair 1982 a rugadh é). Tá sé ina Theachta Dála (TD) do thoghcheantar Mhaigh Eo ó olltoghchán 2020.[1]

Sular chuaigh sé isteach sa pholaitíocht, bhí sé ina imreoir peile Gaelaí agus bronnadh an duais 'Sárimreoirí na Bliana' air faoi dhó, in 2006 agus 2012. Bhí sé ina chaptaen ar fhoireann shinsearach Chontae Mhaigh Eo freisin.[2] D’imir sé peil le Maigh Éo, chomh maith le Baile An Tobair CLG. D’éirigh sé as an bpeil in 2017.

Saol pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá sé pósta le Ashling Dillon, agus tá beirt mhac acu. D'fhreastail Dillon ar Choláiste Dáibhéid i gCaisleán an Bharraigh dá oideachas meánscoile.[3] Rinne sé staidéar in Ollscoil na Gaillimhe,[4] agus d'imir sé d'fhoireann peile na hollscoile.[5] Tá M.Sc.san Eolaíocht Chógaisíochta ag Dillon ó Choláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn, Dioplóma Iarchéime san Oideachas ó OÉ Gaillimh, agus BSc sa Mhatamaitic Fheidhmeach agus sa Bhitheolaíocht ó Ollscoil Mhá Nuad.[6] Ghlac Dillon páirt freisin i bhfeachtas margaíochta ar son Aerfort Iarthar Éireann.[7]

Saol sa pháirc spóirt[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'imir Dillon peil lena chlub áitiúil i mBaile an Tobair i gContae Mhaigh Eo agus bhí sé ina bhall lárnach d'fhoireann shinsir chontae Mhaigh Eo ó 2003 go dtí gur éirigh sé as in 2017, ag imirt i sé chluiche ceannais Uile-Éireann. Cuireann a scil mionchoigeartaithe, a shúil ghéar fháin agus a léamh cliste ar an gcluiche go léir lena chumais peile eisceachtúla.

Gairmréim pholaitiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis dó éirí as an bpeil idirchontae in 2017, bhí go leor tuairimíochta ann go dtiocfadh Dillon i gcomharbacht ar an iarThaoiseach Éanna Ó Coinnigh mar iarrthóir Fhine Gael do Mhaigh Eo. Is iomaí nasc atá aige le Fine Gael, aintín a bhí ina rúnaí ar Chaisleán an Bharraigh d'Éanna Ó Coinnigh agus a fear céile ina thiománaí d'Éanna agus ina chomhairleoir contae.[8]

D'éirigh leis seasamh mar iarrthóir Fhine Gael in olltoghchán 2020 i dtoghcheantar Mhaigh Eo.[9] I mí Iúil 2020, toghadh Dillon mar rúnaí ar pháirtí parlaiminteach Fhine Gael, tar éis a Chruinniú Cinn Bhliana san Ionad Comhdhála, i mBaile Átha Cliath.

I mí Dheireadh Fómhair 2023, tháinig Dillon i gcomharbacht ar Richard Bruton mar chathaoirleach ar pháirtí parlaiminteach Fhine Gael.[10] Bhí sé ina chathaoirleach go dtí Aibreán 2024, nuair a tháinig Alan Farrell i gcomharbacht air.[11]

An 10 Aibreán 2024, ceapadh Dillon mar Aire Stáit sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta tar éis Simon Harris a bheith ceaptha ina Thaoiseach.[12]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Alan Dillon". Oireachtas Members Database.
  2. "Dillon to captain Mayo".
  3. "Alan Dillon, the man who made it look easy". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 17 Nollaig 2017. Dáta rochtana: 9 Bealtaine 2024.
  4. "NUI Galway students and alumni head for Croke Park with Mayo senior football finalists".
  5. "Gardiner digs deep to bury IT Sligo". Irish Independent.
  6. "Alan Dillon". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 9 Feabhra 2020. Dáta rochtana: 9 Bealtaine 2024.
  7. "Donegal GAA stars join forces as Ambassadors for Ireland West Airport Knock". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 23 Meán Fómhair 2021. Dáta rochtana: 9 Bealtaine 2024.
  8. "Alan Dillon: Bring our people home".
  9. "Mayo: 2020 General Election". Ireland Election.
  10. "Fine Gael TD Alan Dillon elected chair of parliamentary party". Irish Independent.
  11. "Alan Farrell named Fine Gael chairman". Sunday Business Post.
  12. "Dillon, Higgins and Burke appointed as junior ministers". RTÉ News.