Hormón ie ea aidréanailín a thálann meideall na faireoige aidréiní mar fhreagairt ar strus, agus faoi chúinsí eile freisin. Tugtar eipinéifrín air sna Stáit Aontaithe. Méadaíonn sé ráta an chroí is brú fola, agus fuasclaíonn siúcra isteach sa bhfuil óna stórais san ae, athruithe a ullmhaíonn an cholainn chun frithghníomh teite nó troda. Úsáidtear mar chóir leighis é i gcásanna plúchta, taom croí is frithghníomhartha troma ailléirgeacha.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.