Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | institiúid ardoideachais | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | 2004, Gaillimh | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Cuid de | Ollscoil na Gaillimhe | ||||
Suíomh gréasáin | nuigalway.ie… | ||||
Bunaíodh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge mar aonad laistigh d'Ollscoil na hÉireann, Gaillimh le forbairtí a dhéanamh ar chúrsaí, ar thaighde, ar sheirbhísí agus ar ghníomhaíochtaí ollscoile eile trí mheán na Gaeilge agus le iad a sheachadadh agus a riaradh.
Cuireann clár cúrsaí an Acadaimh deiseanna ar fáil do mhic léinn cur lena gcuid scileanna agus a gcuid saineolais agus tabhairt faoi thaighde i réimsí cosúil leis an gcumarsáid raidió agus teilifíse, an t-aistriúchán, na healaíona, an teicneolaíocht faisnéise agus an t-oideachas.
Ionaid an Acadaimh[cuir in eagar | athraigh foinse]
Reáchtáiltear clár cúrsaí an Acadaimh ar champas Ollscoil na hÉireann i nGaillimh; ar an gCeathrú Rua agus i gCarna i gCo. na Gaillimhe; agus i nGaoth Dobhair i gCo. Dhún na nGall. Is ionaid lán-Ghaeilge iad na hionaid Ghaeltachta. Ina theannta sin, cuirtear an Dioplóma sa Ghaeilge ar fáil i mbreis agus 20 ionad éagsúil ar fud na tíre.