Mósáic

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Mósáic ón 14ú aois

Is éard is mósáic[1] ann ná teicníocht chun patrúin ornáideacha is pictiúir a dhéanamh trí mhionphíosaí (tesserae) gloine daite, marmair nó ceirmeachta a chur in eagar cuí ar leaba stroighne. In úsáid ag na Rómhánaigh chun pábháil a dhéanamh, ag na Críostaithe luatha is na Biosántaigh i gcomhair múrmhaisithe in eaglaisí, agus na healaíontóirí Ioslamacha freisin. Athmhúsclaíodh suim sa mhósáic san Iodáil go déanach sa 19ú céad.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): mósáic” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-05-03.
  2. Hussey, Matt (2011). "Mósáic". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 470.