Zhuang (dream eitneach)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Zhuang people of Longzhou Guangxi.jpg

Is iad na Zhuang (na Bouчcueŋь nó na Bouxcuengh ina dteanga féin; 壮族 nó Zhuàngzú i Sínis) an ceann is líonmhaire de na mionlaigh eitneacha neamh-Shíneacha sa tSín. Tá timpeall ar ocht milliún déag acu ann, agus an chuid is mó acu ina gcónaí i gCúige Guangzi i nDeisceart na Síne, áit a bhfuil féinrialtas dá gcuid féin acu. An teanga a labhraíonn siad, baineann sí le cine na dteangacha Tai-Kadai, agus gaol éigin aici leis an Téalainnis, mar sin.