William Parry Murphy

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Haemaiteolaí a saolaíodh i Staughton, Wisconsin ab ea William Parry Murphy (1892-1997). Faoi anáil shaothar George Whipple ar anaemacht mharfach, agus i gcomhar le Georg Minot, thug sé cothú d'ae amh isteach mar chóireáil rathúil ar an ngalar marfach seo. Shaothraigh sé an t-eastóscadh gníomhach ón ae a ionannaíodh mar vitimín B12. Bhuaigh an triúr acu Duais Nobel sa bhfiseolaíocht/míochaine i 1934 as.