William Alfred Fowler

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Réaltfhisicí a rugadh i bPittsburgh, Pennsylvania ab ea William Alfred Fowler (1911-1995). Chuir sé coincheapanna na fisice núicléiche i bhfeidhm ar an réalteolaíocht, agus cuirtear síos dó gur bhunaigh sé teoiric na núicléisintéise. Bronnadh Duais Nobel sa bhfisic air i 1983 as a shaothar, á roinnt le Subramanayam Chandrasekhar (1910-1995).