Veirteabra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Na réigiúin difriúla sa cholún veirteabrach daonna

Is éard atá sa cholún veirteabrach ná slabhra de chnámha beaga nó veirteabraí (uimh. uatha: veirteabra). Clúdaíonn agus cosnaíonn an colún corda an dromlaigh, a ritheann ó bhun an chráiniam anuas ar thaobh droma an ainmhí veirteabraigh go dtí go sroichtear an peilbheas. As sin amach, leanann na veirteabraí ar aghaidh go dtí an ruball (nó coccyx). Tá 33 veirteabrach ag an duine, cúig veirteabra táite nó comhbhrúite le chéile chun sacraim a fhoirmiú, agus ceithre ( amuigh agus istigh ar) chun gimide a fhoirmiú. Tá ceithre veirteabra is fiche 'aonar' ann (níl siad táite le chéile) , i réigiúin ar leith sa cholún veirteabrach:

  • Seacht veirteabra cheirbheacs (C1 go dtí C7);
  • Dhá veirteabra thóracsach déag (T1 go dtí T12) (nó droma D1 go dtí D12);
  • Cúig veirteabra lumbach (L1 go dtí L5).

Sa mhíochaine, is é an nós atá ann ná na veirteabraí a aimsiú trí chóras aitheantais bunaithe ar litreacha agus uimhreacha. Úsáidtear an litir 'C' i gcomhair an réigiúin cheirbhigh agus tá uimhir faoi leith ag gach cnámh, mar a leanas; C1,C2,C3,C4,C5,C6 agus C7. Úsáidtear an litir 'T' ( D go stairiúil) i gcomhair an hréigiúin thóracsaigh, 'L' i gcomhair an réigiún lumbaigh agus 'S' i gcomhair an réigiúin shacraigh.

Féach freisin[athraigh | edit source]