VHS

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Córas Físeán Baile, trádainm an taifeadán caiséad fístéipe a thug comhlacht JVC/Matsushita isteach don mhargadh baile i 1975. 4 huair athsheanma i gcaiséad. Ghlac cuid mhaith comhlachtaí eile leis mar chaighdeán idirnáisiúnta. Baineadh feidhm as caiséad níos lú i gcomhair ceamthaifeadán (VHS-C). Tá leagan feabhsaithe ann, an sár-VHS, le comharthaí scoite lonrais is crómanais, a bhaineann feidhm as téip le páirteagail mhiotalacha chun géire íomhá is dathanna feabhsaithe a tháirgeadh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "VHS". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 698.