Uilithe teangeolaíocha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é is uilí teangeolaíoch ann ná prionsabal atá fíor faoi gach aon teanga dá bhfuil á labhairt ag an gcine dhaonna. Mar shampla, is uilithe teangeolaíocha iad na ráitis seo leanas: ainmfhocail agus briathra i ngach aon teangaconsain agus gutaí i ngach aon teanga labhartha. An taighde a dhéantar ar na huilithe teangeolaíocha, tá sé ceangailte go dlúth don típeolaíocht theangeolaíoch, agus is é is cuspóir don chineál seo staidéir ná fionnachtana a dhéanamh faoin dóigh a láimhseálann inchinn an duine na teangacha. B'é Joseph Greenberg ba mhó a rinne ceannródaíocht i dtaighde na n-uilithe teangeolaíocha. Chuir sé timpeall is tríocha teanga i gcomparáid le chéile leis na chéad uilithe den chineál seo a leagan amach, an chuid is mó acu ag baint le cúrsaí na comhréire.

Téarmaíocht[athraigh | edit source]

Aithnítear dhá chineál uilithe teangeolaíocha, mar atá, dearbhuilithe (atá i gcontrárthacht leis na huilithe staitistiúla, nach bhfuil ina n-uilithe sa chiall chúng, ach ina gclaontachtaí) agus uilithe impleachtúla (atá i gcontrárthacht leis na huilithe neamhimpleachtúla). Is fíor iad na dearbhuilithe i leith gach aon teanga, ach níl mórán acu ann. Dearbhuilí é, mar shampla, go bhfuil forainmneacha i ngach teanga. Maidir leis na huilithe impleachtúla, arís, deir siad go gcaithfidh rud áirithe a bheith fíor má bhíonn rud áirithe eile fíor - is é sin, gurb impleacht don chéad rud é an dara rud. Uilí impleachtúil is ea é, mar shampla, go gcaithfidh sé go bhfuil uimhir dhéach sa teanga, má bhíonn uimhir thriarach sa teanga. Na huilithe neamhimpleachtúla, arís, ní dheir siad ach amháin go bhfuil tréith ar leith ann nó nach bhfuil.

Maidir leis na claontachtaí - na huilithe staitistiúla - deir siad go mbíonn tréithe áirithe coitianta as an ngnáth, cé nach mbíonn siad le fáil i ngach teanga. Is é sin, bíonn na tréithe seo níos coitianta ná mar a bheadh, dá mbeidís ag brath ar an taisme amháin. Is féidir do na claontachtaí a bheith impleachtúil nó neamhimpleachtúil freisin. Claontacht neamhimpleachtúil é, mar shampla, go bhfuil consain shrónacha le fáil i bhformhór mór na dteangacha nádúrtha. An chuid is mó de na claontachtaí, áfach, bíonn siad impleachtúil. Sampla de chlaontacht impleachtúil is ea é, má thagann na ranna cainte i dteanga áirithe sna sálaí ag a chéile de réir an oird "ainmní - cuspóir - briathar" (is é sin, más é an gníomhaí a thagann roimh an mbeirt eile, agus an cuspóir roimh an mbriathar), gur minicí ná a mhalairt a úsáidfidh an teanga iarfhocail in áith na réamhfhocal. (Ar mhaithe leis an gcomparáid, is é gnáthordú na rann cainte sa Ghaeilge ná "briathar - ainmní - cuspóir", agus baineann an Ghaeilge úsáid as réamhfhocail, cosúil le "ag", "ar" agus a leithéidí eile.) Ós rud é nach bhfuil ann ach claontacht, níl sé deacair teacht ar eisceachtaí. Is é gnáthordú na rann cainte sa Laidin ná "ainmní - cuspóir - briathar", ach mar sin féin, is dual don Laidin úsáid a bhaint as réamhfhocail. Dealraíonn sé, áfach, gur cleamhnas míchompordach a bhí ann agus go raibh sé i ndúchas na Laidine ceann den dá shaintréith seo a thréigean: na teangacha Rómánsacha a d'eascair as an Laidin, is é gnáthordú na rann cainte is rogha leosan ná "ainmní - briathar - cuspóir". Ar ndóigh, cé gur athraigh siad ordú na bhfocal, choinnigh siad na réamhfhocail.

Is féidir do na huilithe teangeolaíocha bheith déthreoch nó aontreoch. Más ceann déthreoch atá ann, is ionann sin is a rá go bhfuil dhá shaintréith againn arb impleacht dá chéile iad. Mar shampla, is impleacht don ordú focal "ainmní - cuspóir - briathar" úsáid na n-iarfhocal, agus is impleacht d'úsáid na n-iarfhocal an t-ordú focal "ainmní - cuspóir - briathar". In uilí aontreoch, áfach, níl an impleacht ag obair ach in aon treo amháin. Mar shampla, na teangacha ina gcuirtear an clásal coibhneasta roimh an ainmfhocal a bhfuil sé ag tagairt dó, is dual dóibh an t-ordú focal "ainmní - briathar - cuspóir" a bheith acu, ach ní hionann sin is a rá go mbeadh clásail choibhneasta den chineál sin róchoitianta sna teangacha a bhfuil an t-ordú focal seo mar ghnáthordú acu.

Iad siúd a deir gur féidir "gramadach uileghabhálach" a leagan amach do theangacha an uile dhomhain, is minic a théann siad i muinín na n-uilithe teangeolaíocha sa chomhréir lena ndearcadh a chosaint (cé gur minicí dóibh tagairt d'fhianaise na heipistéimeolaíochta, is é sin, deir siad go bhfuil sé i ndúchas an eolais mar rud a leithéid d'eagar a bheith air). Tá siad ann freisin a deir gur cuidiú leis an gcumarsáid iad na huilithe teangeolaíocha, agus go bhfuil sé níos fusa ciall a bhaint as teanga a chloíonn leis na huilithe. Is é sin, dá mbeadh teanga ann nach gcloífeadh leis na huilithe, thiocfadh athrú ar an teanga le hí a dhéanamh níos sothuigthe.

Uilithe teangeolaíocha i gcúrsaí na foghraíochta[athraigh | edit source]

Tá uilithe teangeolaíocha ann san fhoghraíocht freisin. Mar shampla, ní féidir teacht ar aon teanga ar an uile dhomhan a bhainfeadh úsáid na fóinéime as an rolladh teangliopach - is é sin, an fhuaim a chruthaítear tríd an teanga a fháscadh amach idir na liopaí agus é a chur ag crith - cé go bhfuil aithne ag lucht labhartha na gcéadta teanga ar an bhfuaim seo mar chomhartha dímheasa. Ón taobh eile de, níl teanga ann nach n-úsáidfeadh an guta [a] nó [ɑ] mar fhóinéim. Rud eile fós, tá pléascaigh - fuaimeanna cosúil le [p], [t], [k], [b], [d], [g] - i ngach teanga. Tá an chéad trí cinn acu - [p], [t] agus [k] - le fáil i bhformhór mór na dteangacha, ach tá na consain liopacha [p] agus [m] ar lár i dteangacha na nIroquois Thuaidh, agus níl na consain dhéadacha [t] agus [d] ar fáil sa tSamóis labhartha.

Uilithe teangeolaíocha i gcúrsaí na séimeantaice[athraigh | edit source]