Tubaiste Hillsborough
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tubaiste a tharla i rith chluiche sacair i Hillsborough, Sheffield, Sasana ab ea Tubaiste Hillsborough. Bhí Liverpool F.C. ag imirt i gcoinne Nottingham Forest F.C. i gcluiche leathcheannais an Corn FA ar 15 Aibreán 1989, in Hillsborough, staid Sheffield Wednesday F.C. Cailleadh 96 duine nuair a tháinig an iomarca daoine isteach sa staid ag an am céanna. Chuir an réiteoir deireadh leis an gcluiche ag 3:06, nuair a thosaigh daoine gortaithe ag teacht amach ar an bpáirc.
Tar éis na tubaiste, cuireadh cosc ar bhacainne i staideanna sacair.
|
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |