Tuama Pasáiste Shruth na Gamhnaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Tuama Pasáiste Shruth na Gamhnaí
Sonraí
CineálTuama pasáiste
Map
 52°26′N 8°14′W / 52.43°N 8.23°W / 52.43; -8.23

Is tuama pasáiste agus Séadchomhartha Náisiúnta é Tuama Pasáiste Shruth na Gamhnaí atá suite ar bharr Cnoc Mór na nGaibhlte, Contae Thiobraid Árann, Éire.[1][2][3]

Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Tuama Phasáiste Shruth na Gamhnaí suite ar bharr Cnoc Mór na nGaibhlte, in aice le foinse abhainn An Ára agus leath bealaigh idir Baile Thiobraid Árann agus An Gallbhaile, Contae Luimnigh. Tá sé seo i bhfad ó na príomhionaid tógála tuamaí pasáiste.[4]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tógadh Tuama Pasáiste Shruth na Gamhnaí c. 3000 R.Ch.

Cur síos[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá bealach isteach Tuama Pasáiste Shruth na Gamhnaí déanta le dhá ortastat ar gach taobh ag sainiú limistéar 3 m x 1.5 m (9.8 tr x 4.9 tr). Tá an seomra timpeall 1.5 m x 1.2 m agus tá sé gan díon. Tá an seomra suite in aice le lár dumha íseal, garbh ciorclach, 30 m (98 tr) trasna. Tá go leor séadchomharthaí meigiliteacha ailínithe i dtreo sléibhte agus imeachtaí neamhaí; díríonn an seomra isteach ag an tuama go garbh i dtreo Shliabh na mBan agus éirí na gréine ag cónacht.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. megalithomania.com”.
  2. Shrough Passage Tomb”. Megalithic Monuments of Ireland.
  3. Wilson. “Shrough Passage Tomb ~ mega-what.com Prehistoric Horizon Calendars”.
  4. de Valera (1982). "Survey of the Megalithic Tombs of Ireland, Volume IV". Dublin: The Stationery Office. Dáta rochtana: 6 September 2021.