Trasfhoirmeoir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Trasfhoirmeoir dáileacháin ar chuaille

Séard atá i gceist le trasfhoirmeoirclaochladán ná gléas leictreach a aistríonn fuinneamh idir dhá chiorcad nó níos mó trí mheán ionduchtú leictreamaighnéadach.

Gléas fíorthábhachtach i gcórais srutha ailtéarnaigh (SA) is ea trasfhoirmeoir. Nuair a shreabhann sruth ailtéarnach i gcorna, gintear réimse ailtéarnach maighnéadach i dtimpeallacht an chorna sin. Má chuirtear corna eile sa timpeallacht, tagann an dara corna faoi thionchar an réimse athraithigh, agus ionduchtaítear voltas ann. Is féidir an ceangal idir an voltas V1 a chuirtear i bhfeidhm ar an gcéad chorna (an corna príomhúil) le n1 imchastaí is an voltas V2 a ionduchtaítear sa dara corna (an corna tánaisteach) le n2 imchastaí a scríobh mar V1/V2 = n1/n2. Cóimheas na n-imchastaí is ea an cóimheas n1/n2. Trasfhoirmeoir atá sa chóras seo. De ghnáth méadaítear an réimse a thrasnaíonn an corna tánaisteach le croíleacán bogiarainn a chur i gcroílár an dá chorna. Cuimsíonn an croíleacán seo formhór an fhloisc mhaighnéadaigh a ghineann an corna príomhúil, agus stiúrann tríd an gcorna tánaisteach é. Nuair is mó n2 ná n1, is mó V2 ná V1 agus tugtar trasfhoirmeoir uaschéimneach air. Is trasfhoirmeoir íoschéimneach é nuair is lú n2 ná n1 agus is lú V2 ná V1. Bíonn an sruth sa chiorcad tánaisteach níos lú ná an príomhshruth nuair is trasfhoirmeoir uaschéimneach atá i gceist. Is tábhachtach an toradh seo nuair a bhíonn an custaiméir i bhfad ón ngineadóir. De bhrí gur fada an cúrsa, tarlaionn ídiú cumhachta i bhfriotaíocht na sreinge tarchurtha agus méadaíonn an t-ídiú seo de réir cearnú an tsrutha thánaistigh. Má laghdaítear an sruth, is mór an choigilt cumhachta dá bharr. Mar sin, is gnách do sholáthróirí leictreachais an chumhacht a tharchur ar ardvoltas — ar ardteannas, mar a deirtear — agus mar sin le sruth íseal. Gar don dineamó gineadóra, baintear úsáid as trasfhoirmeoir uaschéimneach chun an voltas a ardú go luach ard mar 11 kV nó fiú 220 kV. Tarchuirtear an chumhacht ar feadh na sreinge fada go dtí an custaiméar ar ardvoltas agus le luach íseal srutha. Ansin, gar d'áitreabh an chustaiméara, laghdaítear an voltas le trasfhoirmeoir íoschéimneach, roimh an gcumhacht a sholáthar ag 220 V.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Trasfhoirmeoir". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 674.