Tractatus de Purgatorio Sancti Patricii

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Purgadóir Naoimh Phádraig

Leabhar a scríobhadh san dara chéad déag idir 1179-1190 i Laidin is ea Tractatus de Purgatorio Sancti Patricii. Scríobhadh é ag manach anaithnid i gCambridgeshire, Sasana, a shínigh é féin mar "H" amháin, chun a h'umhaltacht a thaispeáint. Níos déanaí glaoitear Anraí ó Sawtry air. Aistríodh go neart teangacha eile é agus d'ob é an leabhar ar a bhí an tór is mó sna céadta bliain dár gcionn.

An Scéal[athraigh | edit source]

Thaisteal ridire gaelach den ainm Owein go dtí Purgadóir Naoimh Phádraig le maithiúnas a fháil ar a chuid peacaí trom. Chuireadh comhairle air bheith ina mhanach agus neart rudaí eile a dhéanamh seachas leanacht air, le maithiúnas a fháil ach dár leis, bhí a chuid peacái chomh trom sin nach raibh aon dul as ach Purgadóir Naoimh Phádraig a dhéanamh. Rinne sé amhlaidh agus instear dúinn faoin gciapadh ar fhulaing sé. I ndeireadh na dála d'fhill sé agus maithiúnas faighte aige. As seo is ea a d'fhás an nós thart faoi Éirinn agus níos faide i gcéin oilirtheacht a thabhairt ar Loch Dearg.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  • Easting, Robert: The Date and Dedication of the Tractatus de Purgatorio Sancti Patricii. Ó: Speculum, Jahrgang 53, Heft 4/10/1978, L. 778–783.
  • Zaleski, Carol G.: St. Patrick's Purgatory: Pilgrimage Motifs in a Medieval Otherworld Vision. Ó: Journal of the History of Ideas, Jahrgang 46, Heft 4, 1985, L. 467–485.
  • Le Goff, Jacques: Die Geburt des Fegefeuers: Vom Wandel des Weltbildes im Mittelalter. Klett-Cotta im Deutschen Taschenbuch Verlag, München 1990, ISBN 3-608-93008-6.