The Simpsons
| Ní mór feabhas a chur ar an litriú agus/nó ar an ngramadach san alt seo. Ná bain an chlib seo den alt ach i ndiaidh do chainteoir dúchais nó líofa súil a chaitheamh air, le do thoil. Tar éis an t-alt a cheartú, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. |
| Ba chóir an t-alt seo a ghlanadh, mar: stíl, poncaíocht, srl. Tar éis an t-alt a ghlanadh, is féidir an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le tuilleadh eolais a fháil. |
| The Simpsons | |
![]() Deiseal: Homer, Marge, Maggie, Santa's Little Helper, Bart, Snowball II agus Lisa. |
|
| Seánra | Beochan |
| Fad na n-eipeasóidí | Timpeall 22 nóiméad |
| Dearthóir(í) | Matt Groening |
| Léiritheoir(í) | {{{léiritheoir}}} |
| Foireann | Dan Castellaneta Julie Kavner Nancy Cartwright Yeardley Smith Hank Azaria Harry Shearer Marcia Wallace Pamela Hayden Tress MacNeille Maggie Roswell Russi Taylor |
| Teanga | Béarla |
| Tír | SAM |
| Craoltóir | Fox |
| Chéad rith | 17 Nollaig 1989 – |
| Méid eipeasóidí | 510+ |
Is é The Simpsons an tsraith bheoite Mheiriceánach is fadsaolaí riamh. Baineann sé le saol na Simpsons, teaghlach Meiriceánach a chónaíonn i Springfield, baile sna Stáit Aontaithe. Craoladh an chéad eipeasóid ar 17 Nollaig 1989 ar ghréasán Fox. Ó shin, tá breis agus 500 eipeasóid craolta.
Meastar gurb é The Simpsons ceann de na sraitheanna is mó éilimh i stair na teilifíse. Tá clú ar an stíl ait ealaíne atá ann: bíonn craiceann buí agus súile móra ag na carachtair, agus ceithre mhéar ar a lámha.
Clár ábhair |
Plota [athraigh]
Cúigear atá i dteaghlach na Simpsons, .i. Homer, a bhean chéile Marge, agus a gclann Bart, Lisa agus Maggie. Tá cónaí orthu ag 742 Evergreen Terrace i mbaile Springfield i SAM (ní luaitear stát leis).
Carachtair [athraigh]
Muintir Shimpson [athraigh]
- Homer Jay Simpson, an t-athair, 38 mbliana d'aois. Tá sé maol, ramhar agus amaideach. Oibríonn sé i dTeascóg 7G ag Cumhachtstáisiún Núicléach Springfield. Tá sé pósta le Marge le deich mbliana anuas.
- Marjorie "Marge" Simpson (a rugadh mar Marjorie Bouvier), an mháthair, 36 mbliana d'aois. Is bean tí í. Is ise an duine is ciallmhaire sa teaghlach.
- Bartholemew "Bart" Simpson, an mac, deich mbliana d'aois. Tá sé dána, agus is minic é i dtrioblóid ar scoil, áit nach n-éiríonn go rómhaith leis.
- Lisa Simpson, an iníon is sine, ocht mbliana d'aois. Is ise an duine is cliste sa teaghlach.
- Margaret "Maggie" Simpson, an iníon is óige, aon bhliain d'aois.
- Santa's Little Helper, madra.
- Abraham "Abe" Simpson (ar a dtugtar "Grampa"), athair Homer. Tá sé beagán siabhránach, agus é ina chónaí i dteach altranais.
- Mona Simpson, máthair Homer.
- Jaqueline Bouvier, máthair Marge.
- Patty agus Selma Bouvier, deirfiúracha le Marge ar fuath leo Homer.
Springfield [athraigh]
- Kent Brockman
- Comic Book Guy
- Ned Flanders
- Professor Frink
- Barney Gumble
- Dr. Hibbert
- Lionel Hutz
- Krusty the Clown
- Reverend Lovejoy
- Troy McClure
- Hans Moleman
- Apu Nahasapeemapetilon, siópadóir Kwik-E-Mart.
- Mayor Quimby
- Dr. Nick
- Cletus Spuckler
- Moe Szyslak
- Chief Wiggum
Springfield Elementary School [athraigh]
Springfield Nuclear Power Plant [athraigh]
Charachtair eile [athraigh]
Simpsons Movie [athraigh]
Scannán is ea The Simpsons Movie (2007) atá bunaithe ar an tsraith teilifíse.
Stair [athraigh]
Chruthaigh Matt Groening an clár sa bhliain 1987 nuair a iarradh air sraith chartún gearr a scríobh do The Tracy Ullman Show a chraolfaí ag tús agus deireadh na sosanna fógraí. Bhunaigh Groening na carachtair ar a mhuintir féin. Craoladh an chéad chartún ar 19 Aibreán 1987. Rinneadh 48 gceann de na cartúin seo san iomlán.
Sa bhliain 1989, lorg Fox séasúr de trí heipeasóid déag, leathuair an chloig an ceann. Craoladh an chéad eipeasóid, Simpsons Roasting on an Open Fire, ar 17 Nollaig 1989. Bhí móreileamh air láithreach bonn. B'aoir é ar shaol an lae inniu sna Stáit Aontaithe, agus é mar fhritéis don sitcom teaghlaigh tipiciúil Meiriceánach.
Naisc sheachtracha [athraigh]
- (Béarla) Suíomh oifigiúil
- (Béarla) The Simpsons Archive
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
