The Chieftains in China

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí AlbamThe Chieftains in China
Cineálalbam ceoil
EalaíontóirThe Chieftains
Eisithe1985
SeánraCeol traidisiúnta na hÉireann
LipéadShanachie Records
Croineolaíocht

Albam is ea The Chieftains in China a d’eisigh an grúpa ceoil Éireannaigh The Chieftains i 1985. Sa bhliain 1983, ba iad na Chieftains na céad cheoltóirí Éireannacha a thug cuairt ar an tSín agus ba iad an chéad ghrúpa ceoil san Iarthar riamh a sheinn ar Bhalla Mór na Síne.[1] Ba é an t-albam toradh an turais seo. Taifeadadh sa tSín agus i Hong Cong é.

Craoladh an cheolchoirm dheireanach a bhí ag an ghrúpa sa tSín agus léiríodh ar 700 milliún duine é. D'fhreastail polaiteoirí mór le rá ón tSín an cheolchoirm, agus chuidigh sé an caidreamh taidhleoireachta idir Éirinn agus an tSín a chothú.[2]

D’fhill na Chieftains ar Éirinn le bailiúchán mór uirlisí Síneacha. Dúirt Moloney le Raidió RTÉ go raibh sé beartaithe aige cuid de cheol na Síne a úsáid i scóir scannáin a bhí á gcumadh aige.[2]


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. McCarthy, John Patrick (2006). "Ireland: a reference guide from the Renaissance to the present". Infobase. ISBN 978-0-8160-5378-0. 
  2. 2.0 2.1 John (1997). "The Chieftains: the Authorized Biography": 189–197. New York: Da Capo. ISBN 978-0-306-80922-4.