The Quiet Man
Stiúir John Ford an scannán The Quiet Man sa bhliain 1952. Tá cáil ar an scannán sin fós ar fud an domhain. Táirge a mheall ocht n-ainmniúchán Oscar agus a thug dhá cheann leis, ceann don stiúrthóir, ach níos tábhachtaí don turasóireacht, ceann don chineamatagrafaíocht. É sin ar fad agus Gaeilge le cloisint chomh maith.
Rinneadh cuid den scannánú i gConamara. Tagann na turasóirí ina sluaite chuig na láithreacha éagsúla, thart ar Chonga, Uachtar Ard, an Caisleán agus áiteacha eile nach iad.[1]
Scannánaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Faoin am go dtáinig John Ford go Conamara chun The Quiet Man a dhéanamh in 1952, bhí cáil ollmhór bainte amach aige. Ba sa tréimhse iarchogaidh a rinne sé an scannán The Quiet Man.
Faoi 1952, bhí gradam ‘Oscar’ buaite aige trí huaire mar stiúrthóir (The Informer, The Grapes of Wrath agus How Green Was my Valley) agus ar ndóigh ghnóthaigh sé ceann eile le The Quiet Man.[1]
Bhí lámh ag Lord Killanin san obair. Bhí cineál gaol i bhfad amach idir Ford agus an Tiarna Killanin, a raibh teach mór sa Spidéal aige. Ba é an Tiarna Killanin a mhol Conga agus Caisleán Cheapach Corcóige dó mar láthair scannánaíochta. Ba mhaith mar a d’fheil siad sin don scéal agus bhí láithreacha eile – ar nós an droichead beag siúd nach raibh i bhfad ón láthair.[1]
Tá cáil ar an scannán sin fós ar fud an domhain. Mar a dúirt léirmheastóir amháin ‘it was more commercially viable paddywhackery’.[2]x íomhá bhréagach, sheanchaite d’Éirinn. `[3]
Léiriú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Maurice Walsh a scríobh an leabhar[4] agus Frank S. Nugent a scríobh an script scannáin.
Ceol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cumadh an bunleagan den amhrán ‘Galway Bay’ nó 'Cuan na Gaillimhe' i 1947 agus bhain leagan a chan Bing Crosby cáil amach i measc imircigh na hÉireann ar fud an domhain. Bhí sé le cloisteáil sa Quiet Man.[5]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 Mairéad Ní Nuadháin (3 Samhain 2023). "An uair a thug Maureen O’Hara agus John Wayne cuairt ar an seanteach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-11-08.
- ↑ "Liam Ó Flaithearta, John Ford agus an scannán faoin nGorta Mór nár éirigh leo é a dhéanamh" (ga-IE). Tuairisc.ie (2018-09-18). Dáta rochtana: 2023-11-08.
- ↑ Breandán M Mac Gearailt (10 Lúnasa 2016). "Ní hé ‘Star Wars’ an chéad scannán a chuir tírdhreach na hÉireann agus na Gaeltachta os comhair an tsaoil…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-11-08.
- ↑ "The Quiet Man, by Maurice Walsh". gutenberg.ca. Dáta rochtana: 2023-11-08.
- ↑ Maitiú Ó Coimín (15 Meitheamh 2016). "Liricí lochtacha ‘Galway Bay’ le hathscrúdú ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-11-08.