The Brandsma Review
Cineál | nuachtán |
---|---|
Cárta innéacs | |
Am tosaigh | 1992 |
Suíomh | brandsmareview.wordpress.com |
Iris Chaitiliceach den eite dheis í The Brandsma Review atá á fhoilsiú in Éirinn.[1]
Bunaíodh an iris i mBaile Átha Cliath i mí Iúil 1992 tar éis "Cás X" (ginmhilleadh). Tá an iris ainmnithe in ómós do Títus Brandsma, sagart Ollannach Cairmíliteach. Rinne sé staidéar ar an mBéarla i Sráid na mBráthar Bán i mBaile Átha Cliath agus chuir na Naitsithe chun báis é i Dachau sa bhliain 1942.
Tá mana Laidinne ag an iris Pro Vita, Pro Ecclesia Dei et Pro Hibernia a chiallaíonn go bhfuil an iris in aghaidh an ghinmhillte, ar son Eaglais Dé agus ar son na hÉireann. Glacadh an teideal Ecclesia Dé ó thréadlitir de chuid Eoin Pól II i leith an Aifrinn Laidinigh in 1988.
Bhí Nioclás Ó Labhraigh ina eagarthóir idir 1992 agus 2011, agus Peadar Laighléis ó 2012.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Gaeilge" (en). The Brandsma Review (2016-12-28). Dáta rochtana: 2019-07-20.
- ↑ ie.linkedin.com. "Peadar Laighléis". Dáta rochtana: 2019.[nasc briste go buan]