Cairmilítigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ord bráithre Caitliceach iad na Cairmilítigh (Ordo Carmeli - O.Carm)

De réir an traidisiúin, bhunaigh Eilias Fáidh na Cairmilítigh ar Shliabh Chairmeil san Iosrael roimh am Chríost. Ach níl aon fhianaise ann go raibh manaigh nó eirimítigh ann go dtí deireadh na 12ú haoise, fir a tháinig chun na Palaistíne mar oilitrigh nó le cogaidh na croise. B'shin tús le Ord Chairmil. Fuair siad rial ó Naomh Ailbhe, Ard-athair Iarúsailéim, gearr dár gcionn.

I 1248, thug an Pápa Innocens IV aitheantas dona Cairmilítigh agus glacadh iad mar ord Bhráithre, mar aon leis na Doiminicigh, Proinsiasaigh agus Agaistínigh. Glacadh go raibh bua faoi leith ag an ord i gcomhar an saol spioradálta.

Ba baill den oird iad Treasa Lisieux agus Títus Brandsma.