Teirmeasféar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ciseal uachtarach an atmaisféir os cionn an mheiseastad (ag airde timpeall 80 km) mar a bhfuil dlús an atmaisféir an-íseal. Sa chuid íochtarach de, nítrigin (N2) is oscaigin ina foirm mhóilíneach (O2) is adamhach (O) is mó atá san atmaisféar, ach os cionn 200 km ocsaigin adamhach is flúirsí ná aon ghás eile. Sa teirmisféar éiríonn an teocht leis an airde, de bharr ionsú na radaíochta ultraivialaite ón nGrian ag an ocsaigin adamhach. Tugtar an t-ianaisféar air freisin.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Teirmeasféar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 656.