Teileascóip Gemini

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Dhá theileascóp, ceann suite ar shliabh Mauna Kea i Haváí, ceann ar shliabh Cerro Pachon sa tSíle. Tháinig Gemini Thuaidh i Haváí i bhfeidhm i 1999, é 8.1 m ar trastomhas, le hoptaic oiriúnaitheach a lúbann na scátháin an t-am ar fad chun iarmhairtí dífhócasacha atmaisféar clamparach an Domhain a chealú agus taifeach fíoríogair a bhaint amach. Is féidir réada fíorbheaga fíordhoiléire a fheiceáil leis nach raibh le feiceáil riamh roimhe. Tháinig a leathchúpla ó dheas i bhfeidhm i 2002.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Teileascóip Gemini". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 313.