Teangacha Afra-Áiseacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Teangacha Afráiseacha)
Infotaula de llenguaTeangacha Afra-Áiseacha

Eapainman Afraic agus An Áise
Dáta7 mílaois "RCh"
Cineálfine teangacha agus macraifhine
Úsáid
Cainteoirí dúchais270,000,000
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
Cóid
ISO 639-2afa
ISO 639-5afa
Glottologafro1255
Linguist Listafas
IETFafa

Grúpa tábhachtach teangacha is ea na teangacha Afra-Áiseacha nó na teangacha Seimíteach-Cheamaiteacha a labhraítear sa Mheán-Oirthear agus i dTuaisceart na hAfraice. Is iad na foghrúpaí tábhachtacha ná:

  • na teangacha Beirbreacha. Is iad seo teangacha nó canúintí dúchasacha na bhfánaithe Saháracha. Tá gaol sách dlúth acu le chéile, agus comhthuiscint mhaith eatarthu go minic. Is í an teanga Tamazight, nó teanga na dTuareg, an ceann is cáiliúla acu, ach is í an Taisilhítis (Tachelhit nó Chleuh) an teanga Bheirbreach is mó cainteoirí (labhraítear i ndeisceart Mharacó í).
  • an Éigiptis, is é sin, teanga na hÉigipte seanársaí, agus an Choptais, nach bhfuil inti ach an leagan is deireanaí den Éigiptis.
  • na teangacha Ómótacha, a labhraítear in Iardheisceart na hAetóipe. Le fírinne, níl na saineolaithe go léir cinnte, ar chóir na teangacha Ómótacha a aicmiú ar na teangacha Afra-Áiseacha. Tá a leithéid de theanga agus Ongota á labhairt ag cúpla duine in iardheisceart na hAetóipe, agus í ina cnámh spairne ag na teangeolaithe, nó níltear cinnte, ar chóir í a aithint mar cheann de na teangacha Ómótacha, nó mar chraobh inti féin i gcrann ginealais na dteangacha Afra-Áiseacha.

Bundúchas na dTeangacha Afra-Áiseacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níl lucht an tsaineolais ar aon bharúil faoin áit a raibh cónaí ar an bpobal a raibh an chéad bhunteanga Afra-Áiseach á labhairt acu, ach creidtear go coitianta gur tháinig an phrótatheanga ar an bhfód in Oirthuaisceart na hAfraice. Tá scoláirí áirithe, cosúil le hIgor Diakonov agus Lionel Bender, den tuairim sin: san Aetóip, tá réimse leathan teangacha fós ann inniu, agus iad á labhairt go tiubh in aice le chéile. Tá taighdeoirí eile ag áitiú gurb iad an tSahára agus cósta thiar na Muire Deirge an dá áit inar fhorbair na teangacha seo - taighdeoirí ar nós Christopher Ehret. Ceapann mionlach beag de na saineolaithe, áfach, gurb é an Leiveant is fód dúchais do na teangacha Afra-Áiseacha.

Is iad na teangacha Seimíteacha an t-aon bhrainse amháin de na teangacha seo a labhraítear go fairsing taobh amuigh den Afraic. Cuid de na taighdeoirí, síleann siad go ndeachaigh dream de chainteoirí ar ais go dtí an Afraic ón Leiveant agus gur chuir siad an chéad síol leis an Amairis agus leis na teangacha Aetóipeacha eile ansin. Tá saineolaithe eile den tuairim, áfach, gurb é a mhalairt atá fíor, is é sin, gurb í an Aetóip is fód dúchais do na teangacha Seimíteacha.

Tonúlacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Maidir leis an tonúlacht, bíonn na teangacha Afra-Áiseacha éagsúil go leor. Ní úsáidtear tuineacha le focail difriúla a aithint thar a chéile sna teangacha Seimíteacha ná sna teangacha Beirbreacha, agus níl aon fhianaise ón Éigiptis ná ón gCóiptis ag tabhairt le fios go raibh a leithéidí iontu ach an oiread. Sna craobhacha eile, áfach, bíonn teangacha tonúla an-choitianta.

Comh-shaintréithre na dTeangacha Afra-Áiseacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Ordú na bhfocal. Creidtear gurb é an t-ordú a bhí sa Phróta-Sheimitis - is é sin, sa teanga hipitéiseach as ar eascair na teangacha comhaimseartha sa ghrúpa seo - ná VSO, is é sin, briathar - ainmní - cuspóir, díreach cosúil leis an nGaeilge. Sin é an t-ordú atá san Araibis Chlasaiceach agus in Eabhrais an Bhíobla. Inniu, áfach, tháinig athrú ar an scéal ina lán teangacha. Faoi thionchar na dteangacha Eorpacha, is iomaí canúint Araibise a ghlac leis an ordú SVO (ainmní - briathar - cuspóir). Ón taobh eile de, is é an t-ordú is fearr leis na teangacha Aetópacha, cosúil leis an Amairis, ná SOV (ainmní - cuspóir - briathar), agus is é tionchar na dteangacha Cúisíteacha sa timpeallacht is cúis leis an athrú seo, dar leis na saineolaithe.
  • Na tuisil: sa Phróta-Sheimitis, bhí trí thuiseal ag na hainmfhocail, mar atá, an tuiseal ainmneach, an tuiseal cuspóireach agus an tuiseal ginideach. Scéal eile é, áfach, go bhfuil na tuisil seo imithe as na teangacha comhaimseartha, ar nós na gcanúintí Araibise, cé go raibh siad le fáil san Araibis Chlasaiceach.
  • Uimhir na n-ainmfhocal: uimhir uatha, uimhir dhéach agus uimhir iolra.
  • Is í an ghné - an chríochnaitheacht agus an neamhchríochnaitheacht - an catagóir is tábhachtaí in infhilleadh na mbriathar, seachas an aimsir.
  • Tá córas moirfeolaíoch na dteangacha bunaithe ar thamhain thríchonsanacha.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]