An Choptais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Coptais)
Infotaula de llenguaAn Choptais
ϯⲙⲉⲧⲣⲉⲙⲛ̀ⲭⲏⲙⲓ agus ⲧⲙⲛ̄ⲧⲣⲙ̄ⲛ̄ⲕⲏⲙⲉ

Cineálteanga mharbh, teanga naofa, teanga agus chronolect (en) Aistrigh
Úsáid
Cainteoirí dúchais0 (2021)
Dúchasach doÉigiptigh
Stáitan Éigipt agus an tSean-Éigipt
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Afra-Áiseacha
Egyptian (en) Aistrigh
An Éigiptis
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaAibítir Choptach
Institiúid caighdeánaitheInstitute of Coptology (en) Aistrigh
Staidéar agCoptology (en) Aistrigh
Leibhéal leochaileachta6 extinct (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-2cop
ISO 639-3cop
Glottologcopt1239
Linguasphere11-A
Ethnologuecop
UNESCO8
IETFcop

Is í an Choptais an chéim dheireanach i bhforbairt stairiúil na hÉigiptise. Go bunúsach, tháinig an Choptais ar an bhfód mar theanga nuair a thosaigh na hÉigiptigh ag scríobh a dteanga dhúchais leis na litreacha Gréagacha. Ó nach raibh an aibítir Ghréagach oiriúnach don Éigiptis mar a bhí sí, cuireadh roinnt litreach as aibítir Dheamótach na hÉigiptise leis an gcóras Gréagach. Mar sin a cruthaíodh an aibítir Choptach.

Mhair an Choptais á labhairt agus á scríobh ag Críostaithe na hÉigipte go dtí an seachtú haois déag, nuair a chuaigh sí in éag mar theanga labhartha. Ón naoú haois déag, áfach, tá sí á saothrú mar theanga léannta ag na Coptaigh, go háirithe san Eaglais Choptach.

Na téacsaí Coptaise atá fágtha againn, is féidir difríochtaí áirithe a aithint eatarthu a thugann le fios go raibh canúintí éagsúla ó dhúchas ag na scríbhneoirí. Is iad an chanúint Shaithídeach agus an ceann Bohaerach an dá cheann is tábhachtaí. Is í an chanúint Shaithídeach an ceann is mó litríochta, ach más amhlaidh féin, is í an chanúint Bhohaerach atáthar ag iarraidh a athbheochan mar theanga labhartha.

Tá an Choptais breac le focail iasachta ón nGréigis, ó bhí siad riachtanach leis an gcreideamh Críostaí a phlé. Ón taobh eile de, áfach, nuair a bhí sí ina neart, d'fhág an Choptais a lán focail iasachta sna teangacha eile a bhí á labhairt timpeall na hÉigipte, go háirithe sa tSean-Núibis agus san Araibis Éigipteach. Is féidir, áfach, focail Choptaise a fháil san Eabhrais agus san Araibis Chlasaiceach féin.

Coptais agus Araibis - Séipéal i gCaireo.

Léigh freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Wolfgang Kosack: Lehrbuch des Koptischen.Teil I:Koptische Grammatik.Teil II:Koptische Lesestücke, Graz 1974.
  • Wolfgang Kosack: Der koptische Heiligenkalender. Deutsch - Koptisch - Arabisch nach den besten Quellen neu bearbeitet und vollständig herausgegeben mit Index Sanctorum koptischer Heiliger, Index der Namen auf Koptisch, Koptische Patriarchenliste, Geografische Liste. Christoph Brunner, Berlin 2012, ISBN 978-3-9524018-4-2.
  • Wolfgang Kosack: Schenute von Atripe De judicio finale. Papyruskodex 63000.IV im Museo Egizio di Torino. Einleitung, Textbearbeitung und Übersetzung herausgegeben von Wolfgang Kosack. Christoph Brunner, Berlin 2013, ISBN 978-3-9524018-5-9.
  • Wolfgang Kosack: Koptisches Handlexikon des Bohairischen. Koptisch - Deutsch - Arabisch. Verlag Christoph Brunner, Basel 2013, ISBN 978-3-9524018-9-7.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]