Teangacha na Sualainne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is í an tSualainnis teanga oifigiúil na Sualainne. Ba í an tSualainnis máthairtheanga 95% den daonra sa bhliain 2005.

Tugtar aitheantas do chúig mhionteanga eile chomh maith: teangacha Sámacha, an Fhionlainnis, Meänkieli, an Ghiúdais, agus an Romainis, chomh maith le Teanga Chomharthaíochta na Sualainne.

Ar nós tíortha eile Chríoch Lochlann tá an Béarla ag an mórchuid den daonra. I suirbhé a dhein an Eurobarometer sa bhliain 2005 dúirt 89% go bhfuilid in ann an Béarla a labhairt, 30% go bhfuilid in ann an Ghearmáinis a labhairt agus 11% go bhfuilid in ann an Fhraincis a labhairt.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

(as Béarla agus as Fraincis) http://ec.europa.eu/public_opinion/archives/ebs/ebs_243_en.pdf