Taisleictreachas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is cineál leictreachais stataigh é taisleictreachas a chruinníonn ar bhraonta uisce agus is féidir a aistriú ó bhraonta go cáithníní beaga deannaigh. Tá an feiniméan coitianta in atmaisféar an domhain ach breathnaíodh é freisin sa ghal ag éalú ó choirí (féach iarmhairt Armstrong). Bhí sé mar bhunús le moladh ó Nikola Tesla chun leictreachas a bhaint as an aer, smaoineamh a bhfuil borradh nua faoi le déanaí. Is dócha gurb é an lucht taisleictreachais foinse an luchta leictrigh as a n-eascraíonn tintreach, faoi choinníollacha áirithe mar atá ann i stoirmeacha toirní.[1][2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Ducati (2010-09-07). "Charge Partitioning at Gas−Solid Interfaces: Humidity Causes Electricity Buildup on Metals". Langmuir 26 (17): 13763–13766. doi:10.1021/la102494k. ISSN 0743-7463. PMID 20704354. 
  2. Gouveia (2009-08-19). "Electrostatic Charging of Hydrophilic Particles Due to Water Adsorption". Journal of the American Chemical Society 131 (32): 11381–11386. doi:10.1021/ja900704f. ISSN 0002-7863. PMID 19637867. 

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]