Tairiseach imtharraingthe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tairiseach bunúsach, le siombail G is luach 6.673 × 10-11 N m2, a thagann isteach i dlí imtharraingthe Newton. Rinne an t-eolaí Briotanach Henry Cavendish turgnamh i 1798 inar thomhais sé an fórsa idir sféir throma a cuireadh gar dá chéile, agus uaidh sin chruthaigh sé dlí Newton faoin imtharraingt is rinne luach G amach. Tagann G isteach sna cothromóidí i dteoiric na coibhneaseachta ginearálta freisin.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Tairiseach imtharraingthe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 639.