Taidhgín Tréan An Leanbh Láidir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharTaidhgín Tréan An Leanbh Láidir
Cineálgreannán Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
FoilseachánÉire
Foilsitheoirna Bráithre Críostaí
Foilsithe iOur Boys Cuir in eagar ar Wikidata

Greannán Gaeilge a bhí in Taidhgín Tréan An Leanbh Láidir. In Our Boys na mBráithre Críostaí a d’fhoilsítí é, i rannóg Ghaeilge dar teideal Tír na nÓg. Iris mhíosúil do bhuachaillí (aois 7-13 bliana a bhí ann). Bhíodh ocht leathanach i nGaeilge i ngach eagrán.

Scéal do leanaí ab ea é. Bhí an leanbh beag tufáilte seo chomh láidir le Desperate Dan. Tá an teideal in úsáid sa Ghaeilge, uaireanta luaitear é le daoine darbh ainm Tadhg.

“Níorbh aon fhear lag mé ach ní lú san gur mé Taidhgín tréan an leanbh láidir.”

Is as eagrán na Nollag 1966 an ceann seo. Bhí an greannán Labhrás Leipreachán ann freisin.