Tíofún Nina (1975)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtTíofún Nina
Tíofún () Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
Cuid de1975 Pacific typhoon season (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse30 Iúil - 8 Lúnasa 1975
Gaotha marthanacha uasta135 kn Cuir in eagar ar Wikidata
Brú atmaisféarach is ísle900 mbar Cuir in eagar ar Wikidata

Cioclón trópaiceach marfach ba ea Tíofún Nina (nó Tíofún Bebeng), a tháinig  le chéile ar 30 Iúil 1975. Deich lá níos déanaí, ní raibh ach stoirm thrópaiceach ann.

Ach d'ainneoin sin, rinneadh bearna sa damba Banqiao sa Chúige Henan ar an 7/8 Lúnasa, an teip dhamba ba mhó ariamh i stair an domhain,[1] agus polladh dambaí eile sa tSín ag an am céanna.

Bhuail an stoirm thrópaiceach agus fronta fuar lena chéile, agus ní raibh stad ar an mbáisteach ar feadh trí lá. Chuaigh an dearadh struchtúrach agus an measúnú riosca amú ar fad.

An teip dhamba ba mhó ariamh a bhí ann. Fuair tuairim is 26,000 duine bás go díreach sna tuilte féin, an figiúr oifigiúil ach seans i bhfad níos mó. D'éag b'fhéidir 100,000 nó 200,000 sa ghorta agus galair a tháinig ina dhiaidh.[2]

Tharla an teagmhas adhaimsire Nina agus tubaiste Banqiao le linn Réabhlóid Chultúrtha na Síne. Bhí sláinte Mao ag meath agus bhí folús polaitiúil ann. Coinníodh an tubaiste ina rún daingean go dtí 1987.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "1975 Banqiao Dam failure" (as en) (2022-08-07). Wikipedia. 
  2. "The 16 deadliest storms of the last century". Business Insider. Dáta rochtana: 2022-08-08.