Susan Jocelyn Burnell

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Réalteolaí a rugadh i mBéal Feirste is ea Susan Jocelyn Burnell (née Bell) (1943-). Agus í i mbun taighde iarchéime in Ollscoil Cambridge faoi stiúir Antony Hewish, thóg is d'fheidhmigh sí radaiteileasóp 81.5 MHz. Rinne sí grinniú córasach ar fud na spéire, agus i 1967 d'aimsigh an chéad phulsár, neodrónréalta rothlach a astaíonn radaíocht leictreamaighnéadach ó thaobh amháin ionas go mbraitear é mar fhoinse bíogtha radaíochta, cosúil le teach solais. Ina dhiaidh sin d'aimsigh sí 3 cheann eile. Faoi seo tá níos mó ná 350 cinn aimsithe ag réalteolaithe ar fud an Domhain. Roinneadh Duais Nobel sa bhfisic i 1974 le Hewish as fionnachtain an phulsáir, ach bhí conspóid shuntasach ann mar nár roinneadh le Burnell í.