Stargate

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is coincheap ficsin eolaíochta é Stargate (nó Réaltgheata) a thosaigh sa bhliain 1994 leis an scannán Stargate. Cuireann na saothair a lean an scannán síos ar chruinne ficseanúil ina throideann pobal an Domhain le eachtrannaigh naimhdeacha le teicneolaíocht i bhfad níos fearr ná an Domhain. Leanann scéal an scannán in úrscéal, dhá shraith bheoghníomhaíocht, teilifís (Stargate SG-1 agus Stargate Atlantis), sraith beoite (Stargate Infinity), agus saothar eile mar sin.

Tá an saincheadúnas, a bhaineann le MGM, fós rathúil 13 bhliain tar éis an smaoineamh. De bharr réalóirí difriúla ag obair go neamhsplach óna chéile thar na bliana, níl gach uile táirge Stargate go hiomláin comhsheasmhach lena chéile. An saincheadúnas is mó ná an scéal a thósaíonn leis an búnscannán, agus a léanann le Stargate SG-1 (19972007) agus Stargate Atlantis (2004– fós ar siúl). Chuireadh deireadh le stargate SG-1 mar sraith sa bhliain 2007, ach lean siad leis saincheadúnas le dhá scannán Stargate: The Ark of Truth agus Stargate Continuum sa bhliain 2008. Sa bhliain 2008 d'fhógair SCI FI go raibh siad ag cur deireadh leis an tsraith Stargate Atlantis, ach tá scannán eile á scríobh chun deireadh a chuir leis an tsraith dheireanach. Chomh maith le sin tá sé soiléir go bhfuil sraithscéal eile ag tosnú sa bhliain 2009 darbh ainm Stargate Universe

Réaltgeata gníomhachtaith, an rud a bhfuil scéalta an cruinne ficsin Stargate búnaithe ar, anseo tá sé ón tsraith teilifís SG-1.

Tá príomhhscéal na sraitheanna uilig búnathe ar an "Stargate" (Réaltgeata), rud eachtrannach ciocalach a ligeann le iompar chuig stargate eile ar fun an cruinne na mílte solasbliain óna chéile. Tá formhór de eipeasóidí Stargate faoi an lá atá inniu. Tá an Stargate mar rún míleata, agus dá bharr níl aon frithrá idir na scéalta agus an fírinne. Sa scéal, tá cuid mhaith de miotaseolaíocht na hEigipte búnaithe ar eachtraí a bhaineann le coimhthíochach a tháinig anseo agus a chuir muintir an domhain faoi smácht sa fíor-aimsir cáite. Bhí cúpla naimhde difriúla ag muintir SG-1, ach don chuid is mó (go háirithe i dtosach) bhí na Goa'uld mar an naimhid is dáinséarach. Lig na Goa'uld orthu go raibh siad mar déithe, agus chuir siad muintir an séan Eigipt faoi chois, agus chuir seo cruth ar a cultúr agus reiligiún, mar dheá. Bhain siad úsáid as na Réaltgeataí chun oibrí a bhogadh ón Domhain go dtí phláinéid eile ar fud an réaltra. I stair na hEigipt (mar dheá) d'éirigh an cine daonna amach agus d'fhág na eachtrannaigh. Bhí an Réaltgeata adhlactha agus rinneadh dearmaid air go dtí agus 1928 nuair a ath-aimsíoch é. I dtús an chéad scannán (1994) réititgh na eolaithe (le cabhair seandalaí Daniel Jackson) conas an réalgeata a úsáid agus leanann céad sraith SG-1 leis an scéal. Téann saighdiúirí Mheiriceá amach sa cruinne ag lorg eolas agus teicneolaíocht, ach déanannn siad cairde agus naimhde ar an mbealach.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]