Stafalacocas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Baictéar sféarúil, timpeall miocrón (1 μm) ar trastomhas. De ghnáth tarlaíonn sé i gcrobhaingí, agus is gá dóibh ocsaigin i gcomhair fáis. Faightear i scannáin mhúcasacha é, agus ar chraiceann daoine is ainmhithe eile. Cuireann sé tús le heaspaí ar dhromchla amuigh, agus ionfhabhtuithe córasacha a fhéadfaidh a bheith ainsealach, fiú marfach.