Spinéal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Grúpa mianraí ar ocsaídí dúbailte iad de mhiotail dhéfhiúsacha is thrífhiúsacha. Is iad na baill is tábhachtaí ná crómaít (FeCr2O4), an phríomhfhoinse crómiam, maighnéidít (Fe3O4), agus spinéal (MgAl2O4) atá luachmhar mar sheoid, go príomha nuair a bhíonn dath dearg air de bharr mioneisíontas. Faightear iad mar mhianraí breise i gcarraigeacha doigheartha is meiteamorfacha.