Spór

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cill atáirgthe planda atá in ann forbairt ina hindibhid nua go díreach nó trí chónascadh le spór eile. De ghnáth feidhmíonn spóir mar mheáin scaipthe, agus uaireanta mar staid fhrithsheasmhach a ligeann don phlanda maireachtáil trí choinníollacha deacra neamhfhabhracha. Ní bhíonn suth sa spór, agus mar sin is éagsúil ó shíol é.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Spór". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 620.