Spás Minkowski

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Spás-am na coibhneasachta speisialta, le toise amháin ama is 3 thoise spáis. Foirmlithe ar dtús ag an matamaiticeoir Rúiseach-Ghearmánach Hermann Minkowski (1864-1909). Tá a choincheap de spás leata (gan imtharraingt, le nialas cuaire), le geoiméadracht a gcuirtear síos uirthi le méadrach ar leith, i gcomhréir le cúinsí na coibhneasachta speisialta. Tá an spás leata seo difriúil ón spás leata i meicnic Newton.