Sondas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa teangeolaíocht, is éard is sondas ann ná treise fuaimeanna cainte i gcomparáid le fuaimeanna eile a bhfuil an airde, an fad, agus an bhéim chéanna acu.[1] Dá bhrí sin, tá baint láidir idir sondas agus aimplitiúid na fuaime;[2] mar shampla, nuair a fhuaimnítear an guta [a], bíonn fuaim níos treise aige ná ag an stop [t], mar sin rangaítear [a] níos airde ná [t] ó thaobh sondais de. Tá na haidiachtaí “sonda” agus “consanta” ann freisin; deirtear go bhfuil [a] “níos sonda” ná [t] agus go bhfuil [t] “níos consanta” ná [a].

Tugann go leor taighdeoirí sainmhíniú ar shondas i dtéarmaí athshondas na fuaime in áit a haimplitiúide.[2] De réir an tsainmhínithe seo, bíonn sé níos deacra fuaimeanna a bhfuil sondas níos airde acu a mhúchadh le torann timpeallachta.[2]

Scála Sondais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sondas is airde ag barr an tábla Samplaí
gutaí oscailte /a ə/
meánghutaí /e o/
ardghutaí /i u j w/
flapaí [ɾ]
consain thaobhacha /l/
consain shrónacha /m n ŋ/
cuimiltigh ghlóracha /v ð z/
cuimiltigh neamhghlóracha /f θ s/
pléascaigh ghlóracha /b d g/
pléascaigh neamhghlóracha /p t k/

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Peter Ladefoged (1 Eanáir 2010). "A Course in Phonetics". Cengage Learning. ISBN 978-1-4282-3126-9. 
  2. 2.0 2.1 2.2 Ohala, John J. (1992). "Alternatives to the sonority hierarchy for explaining segmental sequential constraints". Papers on the Parasession on the Syllable: 319–338.