Snag (scairt)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Crapadh ainneonach na scairte, a chuireann tús le hionghabháil aeir a stoptar le freanga ainneonach (is dúnadh) an ghlotais. Cruthaítear fuaim ghéar shainiúil ionanálaithe leis an ngníomhaíocht seo. Ní fios cén fáth go dtarlaíonn sé. Is eol nach n-éiríonn leis na leigheasanna pobail. De ghnáth imíonn sé chomh tapa is a tháinig, ach muna n-imíonn, úsáidtear an druga clórprómaisín chun stop a chur leis.