Smionagar saitilítí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cuid mhaith os cionn 10,000 réad inbhraite atá i bhfithisí sa spás timpeall an Domhain. Saitilítí teileachumarsáide, aimsire is míleata cuid acu, ach is saitilítí caite is smionagar saitilítí an chuid is mó. I 1970 ní raibh ach 200 réad inbhraite mar sin. Seans go bhfuil na billiúin réad beag do-bhraite thuas i bhfithisí os ár gcionn anois. Cruthaítear tuilleadh réada sna fithisí sin le himbhuailtí ardluais eatarthu. Tá baol ann go millfidh a leithéid d'imbhualadh saitilítspásárthach fíorchostasach. Is gá gach iarracht a dhéanamh gan cur leis an mbruscar spáis, agus an smionagar atá ann a ghlanadh suas an oiread agus is féidir.