Slighe na Gaidhealtacht an Iar
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Slighe na Gaidhealtachd an Iar | |
Slighe na Gaidhealtachd an Iar idir Drochaid Urchaidh agus Taigh-ósta Taigh an Rígh sa Ghleann Comhann. Lá fliuch ar Mhóinteach Raineach agus an ghrian ag teacht trí na néalta ag deireadh mhí Aibreáin 2008. |
|
| Fad | 152 km (94 mi) |
| Áit | Alba |
| Ainmniú | 'Bealach Fadscríbe' |
| Tús nó Críoch | Muileann Dháibhidh An Gearasdan |
| Úsáid | Fnaíocht |
| Deacracht | Meánach |
| Séasúr | Fad na Bliana |
| Guais | Drochshíon |
Is éard is Slighe na Gaidhealtachd an Iar (Béarla: West Highland Way) ann ná cosán fad-achair in Albain, leis an stádas oifigiúil 'Bealach Fadscríbe'. Tá sé 153 ciliméadar (95 míle) ar fhad, agus síneann sé ó Mhuileann Dháibhidh i dtuaisceart Ghlaschú go dtí an Gearasdan i nGarbhchríocha na hAlban. Tá sé á bhainistiú go comhpháirteach ag Comhairle Dhún Breatainn an Iar, Comhairle Shruighlea, Comhairle Earra-Ghaidheal agus Bód, Comhairle na Gaidhealtachd agus Páirc Náiseanta Loch Laomainn is nan Tróisichean. Siúlann beagnach 85,000 duine an cosán gach bliain.