Slúpa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Soitheach seoil aonchrainn, rigeáilte ar fhad an bháid, gan ach ceannseol amháin aige. San 18ú céad d'úsáidtí an téarma d'aon soitheach beag cabhlaigh. Sa dara cogadh domhanda tugadh an téarma ar shoitheach frithfhomhuireán a bhí níos cumasaí ná coirbhéad ó thaobh luais is armála.